YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 56

56
LVI Psalm.
1Ormsa dean ioċt a Ḋe, na ngrás,
Oir ṡluigfiḋ naṁ’d me suas;
A ta go dian dom ṡárúġaḋ,
Gaċ la le cogaḋ cruaiḋe.
2Seaḋ b’áil le m’eascárdiḃ gan ioċt,
Mo ṡlugaḋ suas gaċ lá;
’S ro lionṁur iad, ta cogaḋ leam,
Gan aḋḃar na cionfáṫ.
3A laeṫiḃ m’eagal earḃaim ort,
Ó ṫusa Rí is árd:
4Ard‐ṁolfuiḋ me agus a nDia,
Ċuirim mo ḋóiġ go bráṫ.
Ní ġeóḃ’ me faitċios uime sin,
As go bráċ ni heagal leam;
Na ḟeadas féoil a ḋeanaṁ orm,
Dod olc, le imirt ṫeann.
5Mo ḃriaṫra taid da ḃfásgaḋ fós.
Gáċ la mar is toil leó;
Ċum doilġíos agus doċair ḋaṁ.
Ta smuainte san gaċ ló.
6Ta siad le ċéile a cruinniuġaḋ,
A’s iad da ḃfolaċ féin;
A ḃfeiṫeaṁ m’anma, air mbeiṫ ḋóiḃ,
A cóṁairiuġaḋ mo ċéim.
7An raċuiḋ siad as mar sin saor,
Le urċóid ṁór gan taṁ?
A d’ḟeirgse leag an pobal síos,
A Ṫiġearna led’ laiṁ.
8Mo ṡeaċrán air an aireaṁ leat,
Ad ḃuideall taisg mo ḋeor;
Naċ ḃfuilid an do leaḃar féin,
Air cuiṁne fós gaċ buair.
9Mo naiṁde fillfiġear air a nais,
Traṫ ġáirfead ort go teann:
Is aiṫne ḋaṁsa so go beaċt,
Oir ta Iehoḃah leam.
10A nDia a ḃriaṫra molfa me,
Molfad a nDia a reaċt;
11A’s ansa Tiġearna go tréun,
Mo ḋóċus tá go beaċt.
Is air an aḋḃar úd a Ḋe,
Ni ḃeiṫ ean eagla ḋam;
Na ḃfeadas duine ḋeanaṁ leam,
Naċ ḃfuil e féin aċ fann.
12Do ṁóide taid ormsa a Ḋe,
Is iocuim duitsa clúḋ;
13Oir m’anam boċt go saor ón mbás,
Go grás’ṁuil dfuasguil tú.
Naċ sáorfa tu mo ċosa fós,
O ṡleaṁnuġaḋ nís mó?
A ċum go ngluaisfinn láṫair Dé,
A solus ḋáoineaḋ beó.

Currently Selected:

Psalm 56: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in