YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 58

58
LVIII Psalm.
1An laḃair siḃse a ċóimṫionól,
An ḟírin ċeart gan ċláon?
’Sa ndean siḃse go cóṁṫromaċ,
Breiṫ ċeart air ċlann gaċ aon.
2Is ann ḃur ccroiḋe ta siḃ ag dealḃ,
Urċóid mór gan táṁ:
’S air talaṁ ta siḃ tóṁas fós,
Foiréigin cruaiḋ ḃur láṁ.
3Luċt uilc ó ṫig siad as a mbroinn,
Siuḃlaiḋ air ṡlíġe ḟiar;
O ḃeirṫear iad ár seaċrán ṫeid,
A laḃairt bréug do ṡíor.
4A niṁ, mar niṁ na naṫaraċ ta,
Mar naṫair ḋruid a gcluas:
5Le guṫ na ndruaḋ ta eagnuiḋe glic,
Na heist agus na gluais.
6A ḃfiacla bris a Ḋé na mbéul,
A Ṫiġearna láidir ṫréin;
Pronn tusa ḃfiacla beag a’s mór,
Na leóṁain óg le béim.
7Leaġaidís faon ag sileaḋ sios,
Mar uisge ruiṫ le glean:
’S a ṡaiġde bris traṫ ċuireas se,
A ḃoġa air luṫ go teann.
8Mar ṡeilide, ḃios a leaġaḋ as,
Raċaḋ siad as go dian;
Mar ṫóirrċios ro anabuiḋ mna,
Na feicidís an ġrian.
9Sul ma moṫuiġeann ḃur noiġean,
O ċonaḋ ċrion an teas;
Ġniḋ Dia ’s iad beó ann a ḟeirg ġéir,
Le anfa dian a sgrios.
10Bi áoiḃneas air an ḃfíréun ċóir,
Tráṫ ċi se an dioġaltas;
As a ḃfuil na naingiḋeaċ cláon,
Niġfiġ se fós a ċos.
11Deir duine an sin go ḃfuil go fíor,
Deag‐ḋuais aig daoiniḃ cóir:
’S go ḃfuil ár talam, deiṁin fior,
Na ḃreiṫeaṁ Dia na nglóir.

Currently Selected:

Psalm 58: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in