YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 51

51
LI Psalm.
1Dean trócair orm a Ḋé na ngrás,
Ad ṫrócaire saorsa me;
Sgrios as do réir do ċaoineas ġrá’ċ,
Cionta a’s olc mo ṡliġe.
2Go hiomlán ionnuil me om loċt,
Glan me om ċoir ad ġráḋ;
3Mo ṗeacuiḋe taim ag adṁáil fós,
’S leir ḋaṁ mo loċt a ġnáṫ.
4Ad aġuiḋ, ad aġuiḋ féin a ṁáin,
Do ṗeacuiḋ me go trom;
Is ann do raḋarc, féin a Ḋia,
Ta’n tolc a rinneaḋ leam.
Do ċum ar laḃairt ḋuit a maċ,
Go mbeiṫea fírinneaċ;
’S go mbeiṫea glan, tráṫ ḃeirir breiṫ,
A’s ceart neiṁéugcóraċ.
5A bpeacaḋ féuċ, do ḋealḃaḋ me,
Agus a cciontuiḃ fós;
Do ġaḃ mo ṁáṫair me na bróin,
Traṫ ginneaḋ me ó ṫús.
6A ttaoḃ a stiġ don ċroiḋe, féuċ,
An ḟírinn ’s ionṁuin leat;
’S a nionad diaṁair d’foillsíġis,
Ḋaṁsa crionnaċt ceart.
7Le hisoip déunsa mise glan,
A’s biaiḋ me glan go beaċt;
Dean m’ionnlaḋ fós mar sin do ḃím,
Nios gile ḋuit na’n sneaċt;
8Luaṫġáire ḃearair orm a ċlos,
A’s fonn an aoiḃneas ait;
Mar ġniḋ gáirdeaċas go mór,
Na cnáṁa briseaḋ leat.
9Om ṗeacuiḋe a’s óm’ ċiontuiḃ féin,
Foluiġ do ġnúis a Ḋé;
Mo ṡeaċrán agus m’eagcóir fós,
Glan tusa uaim go réiḋ.
10A Ḋia, cruṫuiġ ionnam croiḋe glan,
Aṫnuaġaiġ spiorad ceart;
11Na teilg od’ láṫair me ’sna tóg,
Do spiorad naoṁṫa leat.
12A’s aisig daṁ úrġáirdeaċas,
Do ṡláinte cáirdeaṁuil féin;
As deansa fos mo ċongḃáil suas,
Led spiorad ṡaor go tréun.
13An sin, múinfiġ me do ṡliġe, a Ḋé,
Don dream ta deanaṁ loċt;
Iṡ fílfiġṫear riot le aiṫreaċas,
Na ciontuiḋe truaġa boċt.
14O ċiontuiḃ fola saorsa me,
O Ḋia, a Ḋé mo ṡláint;
Sinnfiġ go hárd air d’fíréuntaċt,
Mo ṫeanga ann ’sgaċ áit.
15Mo ḃile a ta duinte suas,
Fosguil a Ḋe go hárd;
An sin do ṁolaḋ le mo ḃéul,
Cuirfead a ccéill ’sgaċ áit.
16Oir ioḋbairt ni iarrann tu,
No ḃéarfainn duit gaċ ré;
An ofráil loisge fós air biṫ,
Ni ḃfuil do ṫlaċt a Ḋé.
17An spiorad ḃriste túirseaċ trom,
Sud ioḋbairt Dé na ndúl;
Re croiḋe briste brúite a Ḋe,
Go bráċ ni ċuir tu cúl.
18A’d ḋeaġ‐ġean, déansa maiṫ, a Ḋe,
Air Ṡion do ċnoc féin;
Baḃuin Ierusalem go luaṫ,
Tóg suas led’ láiṁ go tréun.
19Ioḋbuirt fíre is ionṁuin leat,
Ofráil ’s lán ofráil loisg;
An sin beirṫear colpaċ ḋuitse suas,
Air ṫ’altóir naoṁ gan ċosg.

Currently Selected:

Psalm 51: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in