YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 52

52
LII Psalm.
1Creud fá ndeanair, a ġaisgiḋ ṫréin,
Uaill as an olc go mór?
Mairfiġ go bráċ air feaḋ gaċ lá,
Deaġ‐ṁaiṫeas ríg na nglóír.
2Do ṫeanga ṫionsguin aiṁleas claon,
Ċum ceilg mur ealtuin ġéar;
3Is annsa leat an tolc na’n ṁaiṫ,
A’s bréuga na briaṫra fíor.
4’Ṫeanga ċealguiḋ is ionṁuin leat,
Gaċ focal mílteaċ olc;
5Ġniḋ Dia go síorruiḋe mar an ccéadn’,
Lan‐sgrios a ṫarruing ort.
Sgaṫfuiġear ṫu ’maċ as do ṫeaċ,
Grad‐spionfar ṫu go tur;
A ttalaṁ is a ttir na mbeó,
Beanfuiḋ do ḟreaṁ as bun.
6Súd ċí an fíréun a’s gaḃuiḋ sgáṫ,
A’s ġniḋ se gáire fós;
7Féuċ so an fear nár ḋóiġ a nDia,
Mar ḋaingion a’s mar ṫreóir.
Aċ, a niomad a saiḋḃris ṁóir,
A ḋóċus ċuir go tréun;
’Naingiḋeaċt a’s ’nna ṁáoin le ċéil’,
Do neartuiġ se e féin.
8Aċ mise mar ċrann oluiḃ ta,
A nárus Dé do ġnáṫ;
A cur mo ḋóċuis ann a ġrás,
Le fad mo ré ’s mo lá.
9Go síorruiḋe suṫuin moluim ṫu,
Do ḃriġ a ndearnaḋ leat;
Feiṫeaṁ ár d’ainm oir ta se maiṫ,
Laṫair do náoiṁ go hait.

Currently Selected:

Psalm 52: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in