YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 50

50
L Psalm.
1Laḃair an Ti’arna Iehóḃah tréun,
An talaṁ ’ġairm go léir;
O’n árrd ṡoir go dti an árd ṡiar,
O éirġe ’s go luiḋ gréin.
2As Sion ard is aille dreaċ,
Do ḋealruiġ Dia na ḃfeart;
3Oir ṫig ar nDia ’s ní ḃiaḋ na ṫost,
Aċ laḃruiġ se le neant.
Ṫeid teine ṁillteac rí na ġnuis,
A lasaḋ suas go garg;
’S na ṫimċiol‐san go doinineaċ,
Biḋ‐se na ċaora dearg.
4Air talaṁ a’s air neaṁ na naoṁ,
Ard‐ġármiḋ se go tréun;
Go ttuguiḋ se ceart ḃreiṫeaṁnas,
Air uile ḋaoine féin.
5A m’íonsuiḋ cruiniġiḋ mo naoiṁ,
A’s tionóluiḋe an dream;
Do rinn go dilios a’s go dluiṫ,
Le hiobárt connraḋ leam.
6A ḟíréuntaċt, ġniḋ neaṁ na néul
A ċuir a ccéill a nam:
Oir is se Iehóḃah féin go beaċt,
Aṁáin is breiṫeaṁ ann.
7Mo ṗobal Israél eistiḋe riom,
’S laḃróċuiġ me go ceart:
Ad aġuiḋ, ṫógaim fiaḋnuis ḟíor,
’S me Dia, do Ḋia go beaċt.
8Ttaoḃ ofráiliḃ ni ṫagraid ṫu,
No fós fa ioḋḃárt loisg’,
Oir m’fiaḋnuise ṫug tu iad do ġnáṫ.
A’s fuaras iad gan ḟios.
9Oir as do ṫiġ ni ġéuḃad uait
Mar ioḋḃairt bulóg óg,
’S ni ġéuḃad gaḃar firionn fós,
Mar ofráil as do ċró.
10Gaċ beaṫaċ beó ata a ccoill,
Is leamsa sin go léir,
’S na huille spréiḋ air ṁíle cnoc
Ta ’g inġilt air an ḃféur.
11Na héunlaiṫ ’s aiṫne ḋaṁ ár fad,
Ta ’geitealúġ feaḋ ḃeann:
’S leam gaċ beaṫaċ allta fós
Feaḋ ġarḃlocc agus gleann.
12Géur‐ocras da mbeiṫ orm no gort’,
Ni ċuirfuinn ḋuit a ccéill,
Oir ’s leam an doṁan da niaṫan grian,
Is a ḃfuil ann go léir.
13Fuil ġaḃair ’n e go nólfuin uait?
Feól ṫairḃ go niosain í?
14Ioc ioḋbairt ḃuiḋeaċuis do Ḋia,
’S do ṁóide don árd ríġ.
15A la do ḃua’rṫa a’s do ḃróin,
Goir orm ann sin go ceart:
Ort fuasglad a’s ḃeir tusa glóir
Do m’ainmse a ċuidiġ leat.
16Aċ ris an cciontaċ laḃran Dia,
Mo reaċta a ċuir a ccéill
Ann cuiḃe ḋuit, no gaḃáil fós
Mo connraḋ ann do ḃéul?
17Do m’aċṁusán ó ṫug tú fuaṫ,
A’s spéis a riaṁ níor ċuir;
Aċ ṫeilg mo ḃriaṫra air do ċúl,
Da nduiltaḋ uait go tur.
18Ma ċíġean tu án gaduiḋe dán,
Aontuiġ tu leis a nolc:
A’s le luċt an aḋaltranuis,
B’fear‐cumuinn tu na loċt.
19Do ṫeanga ṫug tu ċumaḋ ḃréug,
Ċum uilc ṫug tu do ḃéul.
20Dod ḃráṫair ṡuiḋ tu taḃárt guiṫ.
A’s do ṁac do ṁaṫar béum.
21Na niṫese do rinneaḋ leat,
A’s d’fan me fós am ṫoċt;
A’s ṡáoil tu mar ata tu féin,
Gur b’aṁluiḋe me’n sgaċ loċt.
Aċ cronóċad do ṗeacuiḋe ḋuit,
Ad láṫair ċuirfead iad;
Do ċuim go ḃfeicid do ḋá ṡúil,
Naċ folċear orm a meud.
22O siḃse a ḋream naċ ccuiṁniġion Dia,
Noís tuigiḋe so a nam;
D’eagla go réubfuinn sib go cas,
Gan neaċ da’r ḃfurtaċt ann.
23An te ḃeir ioḋbárt molaḋ uaiḋ.
’Se sin ḃeir ḋaṁsa glóir;
Oir noċtaim sláinte Dé don ḟear,
A ġluaiseas mar is cóir.

Currently Selected:

Psalm 50: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in