YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 49

49
XLIX Psalm.
1Eistiḋe a ṗobuil uile so,
Da ḃfuil san ccruinne ċé;
2A’s cluinniḋe idir ṁór a’s ḃeag,
Ma’s boċt no saiḋḃir é.
3Air ṫuicse smuaineóċuiḋ mo ċroiḋe,
Air ġliocas ṫig mo ḃéul;
4Claonfad mo ċluas ċum cosaṁlaċd,
Noċtfad caint dorċ’ air ṫéid.
5Creud fa’r b’eagal daṁ laéṫe oilc,
Go ccuirfinn iad asuim;
Mor‐aingiḋeaċt a’s loċt mo ṡál,
Tráṫ d’iaṫ siad or’m go cruinn?
6An drong a ċuiris ’na saiḋḃrios,
A ndóċus go Han‐ṁór;
A’s do ġní aiḋḃéil asta féin,
A dtaoḃ an‐ṁéid a stóir.
7’Ḋearḃraiṫir ni ḟuaisceóluiḋ neaċ,
Ó ġaḃaḋ na ó ṗéin;
Ag taḃairt éiric as do Ḋia,
Ni feidir leis ’na ḟéiḋm.
8Fuasglaḋ an anma ’s luaċṁór e
Fior‐ċoisgion se go beaċt;
9Go mairiġ se go síorruiḋe beo,
Ċor naċ bfeicfeaḋ truailliġeaċt.
10Oir ċí sé fós na daoine glic,
’S an dream air dioḃáil ceill,
’S na hamuid fagḃáil toic do ċáċ,
A’s fáġuil ḃáis iad féin.
11Smuaingion siad go márfiġ a dteaċ,
’Sa ccóṁnuiḋe ’feaḋ gaċ ré,
Ag taḃárt air a ḃfearann ainm,
Do réir a nainme féin.
12Giḋ an duine an urraiṁ ṁóir,
Ní ṁaireann ann go buan;
Aċ aṁluiġe mar an tainṁiḋ truaġ
Ċum báis a ṡiuḃlas uainn.
13A sliġe súd is éigċríonnaċt í,
Taitnid an‐ċaint re’n slioċt.
14Mar ċaoiriḋe dul a nuaiġ ta siad,
Na mbiaḋ don ḃás gan ioċt.
Na fíréunuiḋe ġeiḃ ós a ccionn
Sar‐uaċtránaċt go moċ,
Sa nionad cóṁnuiḋe ann sa nuaiġ
Searguiḋ a scéiṁ sa ndriuċ.
15Ḃeir Dia do m’anam fuasglaḋ saor,
O ċuṁaċt ḃáis a’s uaiġ,
Oir gaḃuiḋ se me ċuige féin,
Dam ṫeasargain le buaiḋ.
16A nuair a ġniṫear saiḋḃir neaċ,
Na glacaḋ faitċios tú,
’S an tan a ċinneas glóir a ṫeaċ,
Na cuireaḋ ortsa tnúṫ.
17Oír a nuár ṡiuḃlas se don éug,
Aonniḋ ni ḃeirean leis:
San uair a ṫéiḋ se sios don uaiġ,
A ġlóir ni leanan ris.
18Seaḋ anam giḋ do ḃeannuiḋe se,
An feaḋ a ḃi se beó;
’S ṫusa, ma ġniḋ tu maiṫ ḋuit féin.
Ó ḋaoiniḃ ġéiḃ tu glóir.
19Go dín a ṡinsir raċaiḋ se,
Solus ni ḟaic go bráċ.
20An duin’ a nonóir ’s e gan ċéill,
Mair ainṁiḋe ġeiḃ se bás.

Currently Selected:

Psalm 49: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in