YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 48

48
XLVIII Psalm.
1Is mor Iehoḃa, Dia na ḃfeart,
An ċaiṫir ard ar nDia;
A’s air ṡliaḃ ard a naoṁaċt féin,
Ionṁolta ċoiḋ ar dTriaṫ.
2Binn Ṡion ’s breaġa a suiġiuḋaḋ,
Aoiḃneas gaċ fearuinn í;
Is dluiṫ ḋi air an taoḃ o ṫuaiḋ,
Ta Caiṫir an ard‐Riġ.
3Aiṫniġṫear Dia ’na ṗalásaiḃ,
Mar ṫearmuinn an ’sgaċ airc;
4Óir feuċ, traṫ ḃi na riġṫe cruinn,
Le ċeile ġaḃ’dar ṫort.
5Ċonairc siad súd a’s b’iongnaḋ leó,
A’s ḋeifríġeadar as;
6Ġlac eagal iad an sin a’s pian,
Mur ṁnaoi le saoṫar cas.
7Caḃlaċ Ṫársis le gaoiṫ a nsoir,
Min‐ḃristear leat go luaṫ;
8Mar ċualaḋ ’s aṁluiḋe ċonnárc sinn,
A mbaile Riġ na sluaġ.
A mbaile ar nDia, se Dia go braṫ,
Ġniḋ daingean e le neart;
9Ad’ ṫeampull air do ċaoiṁneas caoiṁ,
Ḋia smuainiḋ sinn go ceart.
10Mar ṫ’ainm is aṁluiḋe sin do ċlúḋ,
Go crioċ na talṁuin tá;
Do ḋeas‐laṁ lann do ḟíréuntaċt,
’Ḋia! ann sgaċ beart do ġnáṫ.
11Ḃinn Ṡion go mbuḋ haoiḃin í,
A’s inġion Iúdah ait;
Air son do breaṫaṁnuis a Ḋé,
Ta cóṁṫromaċ a’s ceart.
12Siuḃluiḋe timċioll Sion naoṁ,
Fa gcuairt go hana ċruinn;
Aireaṁ a baḃuin ard go dluiṫ,
’Sa caisil trein gaċ aon.
13Tuguiḋe fa ndear’ a balluiḋe breaġ,
’Sa palásaiḃ go beaċt;
Ċum sin go ccuirfeaḋ siḃ a ccéill,
Don drong ata le teaċt.
14Oir se an Dia so féin ar nDia,
Go síorruiḋe a’s go bráṫ.
Se fos a stiuras sinn go ceart,
Go huair a’s am ar mbáis.

Currently Selected:

Psalm 48: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in