YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 40

40
XL Psalm.
1D’feiṫ me le foiġid ṁaiṫ re Dia,
Ċrom ċugam ’s d’éist mo ġuṫ;
2A’s ṫug se ó luċt uaṁain mé,
A’s laṫaċ criaḋa tiuġ.
Air ċarruig ċóṁárd ċuir mo ċos,
Mo ċéimne ṡocruiġ sé;
3A’s aḃran nuaḋ ċuir ann mo ḃéul,
Ċum molaḋ binn ár nDé.
Ċifid móran a’s fó eagla beid,
A’s earbuiġ siad a nDia;
4Is beannuiḋe an duine sin go dearḃ,
Ċuireas a ḋoiġ san Triaṫ.
A’s nar ġaḃ tlaċt na toil air biṫ,
Do luċd a nuaḃuir ṁóir;
No fós don dream a ṫéid a ttaoḃ,
Ċum ceilg, le saoḃaḋ glóir.
5Is lionṁar ṫ’oibre iongantaċ,
A Ṫíġearna a’s a Ḋé;
Do smúaintiḋe ni airṁea’r iad linn,
A norduġaḋ ḋuit go réiḋ.
Da gcuirfinn iad a ccéill go mín,
No fós dá ninnsinn iad;
A náreaṁ raċaḋ ṫair mo neart,
Aig lionṁaireaċt a méud.
6Ofráil ni mian na ioḋbairt leat,
Do ḟosgail tu mo ċluas;
Luċt ioḋbarṫa coir ’s iobárt loisg,
Nior iarr tu ḋuit ċur suas.
7Ann sin a duḃairt mise féuċ,
A nois ta me ag teaċt;
A cceann an leaḃair ormsa fós,
Sud sgríoḃṫa ta go beaċt.
8Se súd mo ṫlaċt ’s mo ṁian a Ḋé,
Do ṫoil a ḋéanaṁ leam;
Do reaċt go dearḃ ata go buan,
A’m’ ċroiḋe a stiġ ’s am ċúm.
9Air ṫ’fíréantaċt san dtional ṁór,
A Ḋe rinneas soisgéul;
Oir féuċ, a Ḋé mar is aiṫne ḋuit,
Nior ċoisg me féin mo ḃéul.
10A’m’ ċroiḋé ṫ’fíréuntaċt nior ċeil,
Aċ d’fírinn ċuir me gcéill;
Do ṡláinté a’s do ċaoiṁneas caoiṁ,
Ó’n tsluaġ nior ċeil me féin.
11Do ṫrócáre caoiṁ na coingiṁ‐si uaim,
A Ṫiġeaarna go bráṫ;
Do ċaoiṁneas gráḋac, ṫ’firinn fós,
Dom ċoiṁead féin do ġnáṫ.
12Oir is doairṁe iad na huile,
Ta’g iaḋaḋ orm fá ccuárt;
Do ġlac mo ṗeacuiḋe me go teann,
’S ní ḟéudaim aṁarc suas.
Oir ’s lionṁáre iad na folt mo ċinn,
A’s ṫréig mo ċroiḋe‐si me;
13Ḋia go ma toil leat furtaċt orm,
Grad‐ċuidiġ leam a Ḋé.
14Bioḋ náire a’s buáreaḋ ḋoiḃ maraon,
Do m’anaṁ iarras claoiḋ;
Ruaig orra air ais, las a ngruaiḋ,
Le’r ḃ’áill mo ċur a ndíṫ.
15Gan áird gan áitreaḃ go raiḃ siad,
Mar ṫuarasdal da náir’;
A duḃárt leam go fanoideaċ,
A ha, a ha, le gáir.
16Luaṫġáir a’s aoiḃneas aig gaċ neaċ,
Dod iárruiġ fein a ta;
A’s abraḋ siad dar ġraḋ do ṡláint,
Dia go ma mor a ġnaṫ.
17Aċ mise giḋ taim anḃfan boċt,
Smuainfiġ orm an Triaṫ;
M’fear caḃraċ ṫu ’s mo ṡlanuiġṫeor,
Muilliúġ’ na dean a Ḋia.

Currently Selected:

Psalm 40: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in