YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 41

41
XLI Psalm.
1Is beannuiḋe an duine ḃeir go glic,
Fa ndear an duine boċt;
Traṫ ḃiḋean se a mbuáreaḋ ġéar,
Ḃeir Dia e saor ó’n olc.
2Ġniḋ Dia a ḋi’on sa ċuiṁdeaċ beó,
Is beannuiḋe é san tír;
Do ṁian a naimid mirúnaċ,
Na taḃair e go síor.
3Air leabuiḋ ṫinnis iarganuiġ,
Ḃeir Dia ḋo neart a’s treóir;
A leaba ġníḋ tu ḋo air fad,
A nam a ṫeinnis ṁóir.
4Duḃairt me, déun trócaire orm,
A Ṫíġearna a’s a Ḋé;
A’s léiġis m’anam eáslan boċt,
Oir d’aġuiḋ a ṗeacuiḋ mé.
5Tán dream‐soin uile is naṁuid daṁ,
Ag laḃairt orm le béim;
Ca huair a scriosfar n’ainmsin as,
A’s raċas se don éug.
6Ma ṫigse m’aṁarc laḃruiġ se,
Caint dioṁaoineaċ gan ċéill;
Ta a ċroiḋe ag cruiniuġ niṁ astíġ,
Sa muiṫ a ġniḋse sgéul.
7Sior‐ċogruid a ccluais le a ċeil’
Luċt m’fuaṫ ataid air fad;
Ag smuainiuġaḋ sa cumaḋ loċt,
A m’aġuiḋ fein gan stad.
8Droċ‐ṫinneas (deir siad) ta go dlúṫ,
A leanṁuin go daingean ris;
Air mbeiṫ do ’nis, na luiġ go tinn,
Ni éireóċuiġ se arís.
9An fear ba ċaruid ḋilís ḋaṁ,
D’air ḋoiġios gaċ niḋ b’ail;
Agus d’iṫ m’arán air mo ḃord,
A’m’ aġuiḋ ṫóg se ’ṡál.
10Aċt tusa Ḋia, deun trócáre orm,
A’s tóg me rís go hárd;
Do ċum go dtaḃuirfin luaiġeaċt doiḃ,
A’s cumann ceart gan dáil.
11Ṫrid so is fiosraċ me go beaċt,
Gur b’ionṁuin leatsa me;
Air son naċ ttug mo naṁuid buaiḋ,
’S naċ ndearnaḋ leó mo ċlaoiḋ.
12Aċt mise an mo ionraċus,
’S tu ṡeasais me do gnáṫ;
A ḃfiaġnuise fós do ġnuis a Ḋé,
Dom ṡocruġaḋ go bráṫ.
13Iehoḃa Dia do ċloinn Israél,
Beannuiḋe go raiḃ se féin;
O aois go haois go suṫain síor,
Amen agus Amen.

Currently Selected:

Psalm 41: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in