YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 39

39
XXXIX Psalm.
1Duḃras, ḃeara me féin fa ndear,
Mo ṡliġe, a’s ġniḋim fós;
Mo ṫeanga ċoiṁead mar re srian,
Air mbeiṫ don daoiḋ am’ ċóir.
2D’fan me go toċtaċ balḃ a’m’ ṫaṁ,
O’n niḋ sin féin buḋ ṁaiṫ;
Ṁosguil mo ḃuáreaḋ a’s mo ḃrón,
Ionnam go mór a stiġ.
3Air mbeiṫ ḋaṁ smuaineaḋ tric marso,
Do ġaḃ mo ċroiḋse teas;
Do las an teine a’s mar so,
Lem’ ṫeanga laḃ’ras preas.
4Taḃair fios a Ḋe air mo ċríċ,
Toṁais mo laeṫe air fad;
Go ḃfuiġinn eólus agus fios,
Ca ham do ḃeiṫ mo ṡlad.
5Mar leaṫad boise ta mo ré,
Mar neiṁniḋ agad m’áois;
Gaċ neaċ da ḟeaḃas ta go fíor;
’Na ḋioṁaoineas gan ṁeas.
6Na ioṁaiġ ḟaoin gaċ duine fós,
A siuḃal ata go dearḃ;
Gan suaiṁneas fos, da mbuáreaḋ féin,
A ndioṁaoineas gan tairḃ.
Carnaḋ neiṫe ’s da ccur le ċéil’,
Le mor‐ṡaint an ’sgaċ ló;
Gan ḟios cí’n toiġre ċruinniġios,
No ċaiṫios e fa ḋeóiġ.
7Cread leis a ḃfeiṫim fein a Ḋia,
Mo ḋóċas duit a ġniḋim;
8Saor me o m’uile loċt ’s na déan,
Ball maguiḋ na ndaoin diom.
9D’fan me a’m’ toċt gan fosglaḋ béil,
Oir leatsa rinneaḋ é;
10Tóg ḋiom do ḃuille Ḋe, le béim
Do laiṁe claoiḋeaḋ mé.
11Traṫ smaċtaiġis tu an duine claon,
Mur ċnuiṁ ṫeid as a snuaḋ;
Go deiṁin féin is dioṁaoineas,
Gaċ duil air biṫ don tsluaġ.
12Ḋia eist rém’ urnuiġ a’s rem’ ġlaoiḋ,
Rem’ ḋeór, a’d’ ṫost na bí;
Oir is coigreaċ agad a’s fear‐cuárt,
Mar m’aiṫre uile mí.
13Ḋia coigil agus caoiṁin mé,
Go bḟáġuim neart aiṫ‐ḃeó’;
Sul raċfain as a dul don éag,
’S naċ mbeinse ann nis mo.

Currently Selected:

Psalm 39: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in