YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 38

38
XXXVIII Psalm.
1A Ṫiġearna ann d’fearg ṁóir,
Na cronnuiġ me go garg;
Na dean mo smaċtuġaḋ go géur,
Ann uair a lasas d’fearg.
2Oir ataid do ṡaġide guineaċ géur,
’Nam saiṫte féin go teann;
A’s oram ata do laṁ go trom,
Dom ċongḃail sios gaċ am.
3Oir slainte air biṫ ni’l a m’feoil,
Air son do ċorruiḋe ġéur;
A’m’ ċnaṁuiḃ ni’l táṁ na sos,
Do ḃriġ mo ṗeacuiḋe féin.
4Oir ċuaiḋ mo ṗeacuiḋe ós mo ċionn,
Taid orm na neire trom;
5Mo ċreaċta ata ro loḃṫa ’s bréun,
Mo leiṁe is coireaċ leam.
6Ta me go cráiḋte easlán crom,
A triall gaċ lá le brón;
7Mo leasruiġ lann do ġalar ḃréun,
Gan fallaineaċt a’m’ḟéoil.
8Taim lag a’s fann a mbuaireaḋ fós,
Tre ṁioṡuaiṁneas mo ċroiḋe;
9Ad laṫair a Ḋé ta muille ṁian:
Nior foluiġeaḋ ort mo ċaoiḋ.
10Mo ċroíḋe do ṡior ata luamneaċ,
Mo neart ċuaiḋ uaim go glan;
A ḃfeicsin raḋárc géir mo ṡúl,
Sin agam fós niór ḟann.
11Ta luċt mo ġaoil ’smo ċárde caoiṁ,
A seasaṁ a ḃfad óm’ ḟéiḋm;
Mo ċóṁarsanuiḋe a’s luċt mo ṗárt,
Ag teiṫeaḋ uaim a ccéin.
12Seilg orm ta luċt iarrṫa m’anm,
Luċt iarruiḋ m’ oilc do ġnaṫ;
A laḃairt neiṫe aiṁleasaċ,
’Sa smuaineaḋ ceilg gaċ la.
13Aċ mise fós mar ḃoḋrán me,
Naċ ccluineann guṫ na sgéul;
Is cosṁuil me le duine balḃ,
Gan ċumas fosglaiḋ ḃéil.
14Mar sin mur ḋuine me naċ ccluinn,
Gan aċṁúsán a’m’ ḃéul;
15Oir ḋearḃ me riot a Ḋé mo Ṫríaṫ,
D’freagair tú me fa ċéil.
16Duḃárt me ċum naċ maoiḋfeaḋ siad,
Taḃuir freagraḋ orm go cas;
A’s ċum na ndéanuiḋ gárdeaċas,
Traṫ ṡleaṁnóċaḋ mo ċos.
17Óir is dluiṫ ċum claonuiġ me smo ḃrón,
Am’ ḟiaḋnuise ta do ġnáṫ;
18Mo loċt insim a’s fós mo ċiont’,
Mór‐ḋoilġios ormsa ta.
19Aċ ’ṁeud ata na naṁuid daṁ,
Is ro ḃeo iad ’s as tréun;
A’s luċt mo ṁiorúin eaccóraċ,
Taid liónṁar mar an cceadn’.
20Siad sin is naiṁde ḋaṁ go fíor,
Luċt diolta maiṫ le holc;
Arson go ḃfuil me leanṁuin air,
An niḋ ta maiṫ gan loċt.
21Na tréig me Ṫiġearna mo Ḋia,
Na bise uaim a ccéin;
22A Ḋia gléas ċum mo ċoḃáruġ’,
Oir ’s tu mo ṡláinte séín.

Currently Selected:

Psalm 38: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in