YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 37

37
XXXVII Psalm.
1Collóid na campar na bioḋ ort,
Le dáoiniḃ aingiḋe olc;
A’s na gaḃ formuid ris an dream,
A ḃios a deanaṁ loċt.
2Oir aṁluiḋ mar is dual don ḟéur,
Gearfuiġṫear iad go grad;
Is aṁluiḋ mar na lusa máoṫ,
Searguiġion siad air fad.
3Annsa dTi’arna cuir do ḋóiġ,
As déantar maiṫeas leat;
Mar sin áitreóḃuiġ tú an‐sa tír,
’S beaṫóiġfir ṫu go beaċt.
4Gaḃ tlaċt a nDia, a’s ḃeirfeaḋ ḋuit.
Lán‐rúin do ċroiḋe go bráṫ;
Do ṡliġe taḃair suas do Ḋia,
Dóiġ ann a’s ġeo’ir do ġnáṫ.
5Ḃeirse amaċ do ḟíréuntaċt,
Mar ṡolus glan a ttráṫ;
Is aṁluiḋ mar ard‐ṁeaḋoin laé,
Do ḃreiṫeaṁnas gaċ la.
6Go foi’deaċ fan re Dia na ndúl,
Feíṫ go toileaṁuil leis;
An ti’nna ṡliġe ro ṡona ta,
Na gaḃsa formuid ris.
7Fa ċúis an ḟir a ċrioċnuiġios,
A droċ‐ḃeart int’leaċtaċ.
8Leig corruiḋe ḋiot a’s fearg, ċum uilc,
Na bíse lasántaċ.
9Óir droċ‐ḋaoin a’s luċt ḋeanta an uilc,
Gearrfuiġṫear iad go fiór;
An dream a ḃfuil a súil a nDia,
Sealḃóċuiġ siad an tír.
10Óir feiṫ go fóil air reaḋ‐seal ḃig,
An cionntaċ ni ḃiaiḋ ann;
’Sna ionad fós ma ḃeir fa ndéar,
Ni ḃiaiḋ se féin na ċlann.
11Aċ na daoine ceansa géoḃa,
Mar oiġreaċt an deaġ‐ṫír;
Lan‐ṡolás ḃearfar ḋoiḃ maraon,
Le saiḋḃreas mór na síoṫ.
12An tanduine ġní olc don tsáoiḋ,
’Sa dioscán ḟiacla ris;
13Ġniḋ Dia air fonóid, óir ḋo ’s léar,
Gur dluiṫ do la a sgrios.
14Na haingiḋe ṫaruing siad a lann,
A’s ċuir a mboġa a ngléus;
A leagaḋ an ḃua’rṫaċ a’s an ḃoċt,
’Sag marḃaḋ luċt deaġ‐ḃéus.
15An cloiḋeaṁ ṫeid tri na ċroiḋe féin,
Téid air an mboġa claóiḋ;
16’S fearr beagán aig an duine cóir,
Na saiḋḃreas mór na ndaói.
17Riġṫeaċa luċt na haingiḋeaċt,
Brisfiġear iad go luaṫ;
Aċ daoine córr a’s fírinneaċ,
Ġniḋ Dia iad ċongṁail suás.
18Air laeṫiḃ ḋaóine fírinneaċ,
Is feasaċ Dia gan ċeist;
A noiġreaċt a’s a seilḃ maraon,
Doiḃ ’s‐marṫanaċ gan leisg.
19Ni ċuirtear lasaḋ ionna ngruaiḋ,
’Sa naimsir ḃeis an tolc;
Oir ġeiḃid uile sáiṫ go leór,
A laeṫiḃ gainne a’s gort’.
20Sgriosfuiġear na ciontuiḋe, naiṁde Dé,
Beiḋ siad mar ṡaill na nuan;
Millfiġear iad a’s raċuiġ air ais,
Mar ḋeataċ naċ ḃfuil buan.
21Airleagaḋ gaḃuid daoine daoi,
’S ni ḋiolfuiġ arís air ais;
An fíréun ta se trócáreaċ,
Do ġniḋṫear maiṫeas leis.
22An ṁeud a fuarr a ḃeannaċtsan,
Sior‐ṡealḃóċuiġ an tír;
’S an dream a ġeiḃ a ṁalaċtsan,
Lom‐sgriosfar iad do ṡíor.
23Ta Dia a stiuireaḋ céiméana,
An duine naoṁa cóir;
A’s ta se gaḃáil tlaċt a’s toil,
Da ṡliġe san go mór.
24Ma ṫarla ḋo, go ttuitfeaḋ se,
Ni ṫeilgfiġear e síos;
Oir ta an Ti’arna le na laiṁ,
Da ċongṁail suas a rís.
25Do ḃí me og, ’sa nois anaois,
’Sa riaṁ ni ḟeaca mé;
An fíréun air na ṫreiġion tráṫ,
Na’ ṡlioċt ag iarruiġ bíḋ.
26Sior‐ṫrócaireaċ a’s airleagaċ,
Beannuiḋe a ṡlioċt atá;
27Seaċuin an tolc a’s dean an ṁaiṫ,
’S aitriġ an tír go braṫ.
28Is mian le Dia ceart‐ḃreiṫeaṁnus,
Ni ṫréigfiḋ ċoiḋċe a naoiṁ;
Ġeiḃid na fíréiniġ an tír,
Sguabṫar amaċ na daoí.
29Na fíréun do ġeaḃaid an tír,
Ċúm aitrioṁ ann gan ḃéim:
30Laḃruiġ an tsaoiḋ an eagna ġlan,
’Sa ṫeanga ráḋ gan ċlaon;
31Ta dliġeaḋ Dé ’na ċroiḋe a stiġ,
Ni ṡleaṁnóċuiġ a ċéim.
32Ta’n droċ‐ḋuine feiṫeaṁ air an tsaoiḋ,
Da ṫaruing sios ċum léun.
33Ni ḟágfuiġ an Ti’arna é ’na laiṁ,
A deanaṁ air aon ċleiṫ;
Ni ḋamnóċuiġ seisean e,
Traṫ ċuirfear e fó ḃréiṫ.
34Feiṫ ṫusa air Ḋia ’s na ṡliġe gluais,
A’s ardóċṫar leis ṫú;
Is leatsa an tír; a’s daoine daoiḋ,
Da milleaḋ ċiḋ do ṡuil;
35An duine malluiḋe ċonnárc me,
A neart ’sa ninḃe mór;
Da sgaoileaḋ fein amaċ mar ċrann,
A fás go dosaċ úr.
36Aċ ċuaiḋ se seaċ a’s féuċ ni raiḃ,
D’iarras, ni bfuaras é;
37Aṁairc a’s feuċ gur sioṫ is crioċ,
Don duine ḋireaċ réiḋ.
38Aċ sgriosfar luċt an easaontais,
A’s teid siad as maraon;
Di‐ṁilltear a’s gearrfuiġṫear sios,
Crioċ ḋeiġeanaċ droċ ḋaoin.
39Aċ furtaċt sior na ḃfíréun fós,
Ṫig sin o Ḋia na ndúl;
Agas an am a neigiontuis,
Se is didean air a ccúl.
40Tuicfiġ fortaċt ċuċa ó Ḋia,
Le saoraḋ a ndeaġ‐am;
Fuasglaḋ se iad ó ḋaoiniḃ olc,
Ó ċuirid a muingín an.

Currently Selected:

Psalm 37: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in