YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 36

36
XXXVI Psalm.
1Deir droiċġnioṁ an ċiontuiġe so,
’Na ċroiḋe ’stiġ a’s na ċliaḃ;
Fír‐eagal Dé ós coinne a ṡúl,
’Ni ḃfuil ’s ni raiḃ a riaṁ.
2Óir ġniḋse spleaḋaċas ris féin,
A réir mar ṫaitneas leis;
A ṗeacuiḋe no go naiṫníġṫear,
Mar aḋḃair fuaṫ dá sgrios.
3Fír‐ṁiċeart agus mealltórreaċt,
Sud caint a ḃeil do ġnáṫ;
A’s sguir se fós do ḋeanaṁ maiṫ,
No focla ġlic a ráḋ.
4Is iona leabuiḋ smuaniġion se,
Air ḋioṁáoineas ta baoṫ;
Suiḋean air ṡliġe naċ ḃfuil maiṫ,
An tolc ni ḋiultan se.
5Do ṫróċáre ta ’sna neaṁuiḃ ṡuas,
A Ṫiġearna a’s a Ḋé;
Go tti na neoil a’s aird na spéur,
Lan‐roiċiḋ d’firinn réiḋ.
6Do ċeartas mar na sleiḃte árd,
Do ḃreiṫ mar ḋoiṁneaċt mór:
Air ḋuine ’s ainmiḋe ġniḋ tu ’Ḋé,
Deaġ‐ċoiṁead agus fóir.
7O Ḋia, is óirḋeirc onóraċ,
Do ṫrócaire graḋaċ ċáoiṁ;
Fó sgáil do sgéiṫ ġniḋ, uime sin,
Lán‐ḋóċas clann na ndaé.
8Le meaṫas sós a’s saill do ṫíġ,
Sásóġṫar iad go mór;
O aṁuin ṫ’aoiṁnios sólásaċ,
Deoċ ḃeir tu ḋoiḃ re cóir.
9Tobar na beaṫa ta go dearḃ,
Agadsa Ḋia na ndúl;
A’s ann do ṡolus ḋealraċ glan,
Ċiḋ sin‐ne solus iúl.
10Faduiġ do ṫrócáré ġraiḋiġ Ḋe,
Don dream ċuir eolus ort;
A’s buanuiḋ d’fíreuntaċt maráon,
Do luċt an ċroiḋe tá ceart.
11Na léig a ċois an uaḃruiġ ḃuirb,
A’m’ aġuiḋ teaċt, a Ḋé;
A’s laṁ an droċḋuin’ aingiḋe fós,
Go bráṫ na gluaisiġ mé.
12An sin do ṫuit luċt déanta oilc,
A’s leagaḋ iadsan síos;
Air easḃa luaiḋ ni ḟéidir leó,
Eiriġ nios mó a níos.

Currently Selected:

Psalm 36: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in