YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 35

35
XXXV Psalm.
1Tagair a Ḋia re luċt mo ġráin,
Cuir troid air luċt mo ċaṫ’,
2Tóg fein do sgiaṫ a’s cuidiġ leam,
Éirge ’s déan congnaṁ maiṫ.
3Glac fós do ṡleaġ ’sar luċt mo ṫóir,
A mbealaċ druid go teann;
Re m’anam abair fein mar so,
Is me do ċongnaṁ ann.
4Naire agus cláoiḋ go raiḃ ḋoiḃ,
Ta ag iarruiġ m’anam boċt;
Cláoiḋtear iad le aṁgar ġéur,
Ta imuaineaḋ ḋaṁsa loċt.
5Bioḋ siad mar lóċán as coinne gáoiṫ’,
A’s aingeal Dé na dtóir;
6Bioḋ aingeal Dé ag rioṫ go teann,
Dorċa slea’n bioḋ an ród.
7Oir gasta leag siad air mo ṡon,
Gan aḋḃar na cionfáṫ;
A’s diog gan aḋbár ṫoċladar,
Ċum m’anam féin ċuir sás.
8Gan‐ḟios go dtigeaḋ doraing air,
A’s gaḃṫar é san líon;
’Foluiġṫear é ansa dóruing ċeadn’,
Tuiteaḋ se féin le tím.
9Ġniḋ m’anam luaṫġaire a nDia,
’S na ḟurtaċt solás mór;
10Dearuid mo ċnáṁa uile ’Ḋé,
Cia ’s cosṁuil leat a gcóir.
Fuasgalan tu an duine boċt,
O’n te ta air ro ṫréun.
An teasḃuiḋeaċ ’san boċt o’n ti,
Ler ḃ’aill a ċláoiḋ go léir.
11Luċt fiaḋnuise bréige d’eiriġ suas,
A’s ċuir siad an mo leiṫ;
Na neiṫe sin go héugcóraċ,
Nar ḃseasaċ me air biṫ.
12Olc, ḋiol siad rium an éiric maiṫ,
Ċum m’anam ċur fo león;
13Aċ mise, traṫ ḃi siadsan tinn,
Ḃi ormsa culaiḋ ḃróin.
M’anam re trosgaḋ d’uṁluiġ me,
’S d’fill m’urnuiḋe ann mo ċroiḋe;
14Mar ċaruid no dearḃraṫair ḋaṁ,
Go brónaċ do ġluais me.
15Aċ ann mo riaċtanas do rinn,
Siad gáirdeaċas air fad;
Gan ḟios daṁ fos ṫional an ġraisg,
Dom’ réubaḋ a’s dam ṡlad.
16Le cealgairiḃ a ccóisreaċuiḃ,
’Rinneaḋ fonoṁad diom;
Ġíoscánadar a ḃfiacla fúm,
Ag sgige orm go dian.
17Ca ḟad is léar duit so a Ḋia,
Sáor m’anam féin go cas;
Ó na milleaḋ, mo ṁuirnín fós,
Sáor me o leóġanuiḃ bras.
18Sar‐ḃuiḋeaċas ḃeirimse ḋuit,
A measg an tionuil ṁóir;
’Sa measg an tsloiġ tráṫ ’s lionṁar iad,
Ard‐ṁoluim ṫu le glóir.
19Na léig dom naṁduiḃ gárdeaċas,
A ḋéanaṁ ós mo ċionn;
Na fos don druing ṫug daṁsa fuaṫ,
Tár‐ḋearcaḋ orm go cláon.
20Sioṫċáin no tlaċt ni laḃrann siad,
Is fearr leo bearta cláon;
A naġuiḋ ciuin‐ḋaoine na ttír,
Da mbuáreaḋ air gaċ taoḃ.
21Go fársuing d’fosguil siad a mbéul,
A’s rium ha, ha, a deir;
Do ċí anois ar suil an niḋ,
Buḋ fonnṁar linn teaċt air.
22Aċ ċonnairc tusa so a Ḋia,
Na bi ad ṫoċt a mfeiḋm;
A Ṫiġearna a’s a Ḋia na ḃfeart,
Na fuiriġ uaim a ccéin.
23Corruiġ suas ṫu féin a Ḋia,
A’s mosguil ċum mo ḃreiṫ;
24A Ḋia do réir do ċeartas féin,
Déan furtaċt ann mo leiṫ.
25’Na ccróiḋe na habraḋ leófa féin,
Há, ha, se sud ár mian;
A’s fós na habraḋ siad a ċaóiḋ,
Do ṡiuiġ sinn e go dian.
26Bioḋ orra náire a’s taruingṫear iad,
A mbuaireaḋ ṁór le ċéil;
Ata go suilḃear a’s go hait,
Ag feicsin m’aṁġar ġéir.
A’s éaduiġṫear gaċ aon aca,
Le maslaḋ a’s le náir’;
Ta g’iarruiġ urraim mór dóiḃ féin,
A m’aġuiḋse gan táṁ.
27Bioḋ áoiḃneas orra ’sgáirdeaċas,
A ṡeasas leam a gcóir;
A’s abruiḋ siad mór‐ċlúḋ go raiḃ,
Do Ṫi’arna mór na glóir’.
Da ḃfuil a ḋuil a sioṫċáin ḃuan,
A ṡeirḃisiḋe do ġnáṫ;
28A’s air do ċeartas ṫig mo ḃéul,
A’s air do ċlúḋ gaċ lá.

Currently Selected:

Psalm 35: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in