YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 34

34
XXXIV Psalm.
1Iehoḃa ḃeannuiġṫe go hárd,
Gaċ aimsir a’s gaċ tráṫ;
A ċluḋ ’sa ṁolad an mo ḃéul,
Go honóraċ do ġnáṫ.
2Is annsa Tiġearna ro ṫréun,
Ġniḋ m’anam uaill a’s glóir:
Na dáoine séiṁ, traṫ ċluinneas sud,
Ġniḋ gairdeaċas go mór.
3Arduiġsi liomsa Dia na ḃfeart,
Molamaoid ainm le ċéil:
4D’iar mise Dia, a’s ċuailiġ sé,
Le fóir ó ġaḃaḋ ġéur.
5D’aṁairc siad air a’s ḋealruiġdear,
Gan náire air a ngruaiḋ;
6Do ġláoiḋ an boċt a’s d’eist ris Dia,
Da ḟuascailt as gaċ truaiġ.
7Ta aingeal Dé ag longfortuġaḋ,
’Me’n dream d’ar eagal é;
Ag fuasglaḋ a’s ag teasárginn,
O’ naṁgaruiḃ go léir.
8Ó blasuiġ agus feuċuiġ so,
Gur maiṫ ’sgur milis Día;
Tá’n fear sin beannuiġṫe go beaċt,
A ḋoiġios annsa dTríaṫ.
9Fior‐éagal Dé, bioḋ oruiḃ, a náoiṁ,
Oir uiréasḃuiḋ na díṫ;
Ní ḃiaiḋ air luċt a eagla san,
Fior‐ċraḃaḋ ḋo, do ġníḋ.
10Biḋ easḃuiḋ air na leóṁain óg,
Agus ocras fa leiṫ;
Aċ air an dream do iarras Dia,
Ni ċeilean eanniḋ maiṫ.
11Tigiḋ a ċlann a’s eistiġ riom,
Dáoiḃ múinfead eagal Dé;
12Cia lé’r ḃ’áill ḃeiṫ fada beó,
Ċum maiṫ d’feicsin ’na laé?
13Coiṁead do ṫeanga féin o olc,
’S ó laḃárt ċeilg do ḃéul;
14Seaċuin an tolc a’s dean an ṁaiṫ,
Iarr sioṫċáin ’s lean go géur.
15Ta súile Dé air ḟíréunuiḃ,
’Sa ċluas ċum gláoiḋ do ṡíor;
16Ta gnuis De a naġuiḋ dáoi ċum,
A ccuiṁne sgrios ón dtír.
17Do ġláoiḋ na fíréin fos air Ḋia,
A’s d’eist léo go grod;
Ṫug fuasglaḋ agus furtaċt ḋóiḃ,
O aṁgaruiḃ ḃi doċt.
18Don ṁuintir dá ḃfuil croiḋe bruit,
Is dluiṫ ḋoiḃ Dia gan ċeist;
Ġniḋ seisean furtaċt fos don dream,
Da ḃfuil an spiorad ḃrist.
19Is iomḋa urċóid agus craḋ,
Ṫiġ air an ḃfíréun cóir,
Aċ ast’air fad ġniḋ Dia na ngrás,
A tteasairginn fa ḋeóiġ.
20A ċnaṁa uile cúṁdóċuiġ se,
Aon ni brisfiġear dioḃ;
21Aċ muirfiġ olc an malluiġṫeóir,
A’s cláoiḋtear e san dríḃ.
A’s luċt an ḟormuid, a ḃeir fuaṫ,
Do ḋáoiniḃ cóir a’s ceart;
Mór‐ċiontaċ fágfair iad na loċt,
Aiḋṁilltear iad go beaċt.
22Anam a ṡeirḃiseaċ go léir,
Saor‐ṡuasglaiġ Dia gaċ am;
Ni ṁilltear aon‐neaċ dioḃ súd,
Ċuireas a ndóċas ann.

Currently Selected:

Psalm 34: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in