YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 27

27
XXVII Psalm.
1’Se Dia mo ṡolus a’s mo sláint’,
Cia ċuirfeas mé a nguais?
’S é neart mo ḃeaṫa Dia na ndúl,
Cia ċuirfeas me a gcrua’s.
2Mo naiṁḋe, m’eascairde luċt uilc,
Tráṫ ṫáinic orm go bras:
Go gionaċ ag iṫ’ m’feóla suas,
Fuair tuisleaḋ ṫuit go cas.
3Giḋ foslungfuid a’m’ aġuiḋ sluaġ,
Ní’l eagal’ air mo ċroiḋe;
Giḋ d’éirge cogaḋ a’m’ aġuiḋ fós,
Anso mo ḋoiġ ’s mo ḃríġ.
4Aoinniḋ is ionṁuin leam o Ḋia,
Go minic iarruim é,
Ḃeiṫ a’m’ ċóṁnuiḋe air feaḋ mo raé,
A ttiġ ’sa náras Dé.
Ċum go ḃfaicfinn féin go ró ġlan,
Maise Iehoḃa ṁóir;
’S go ḃfiosróċuinn ’s go ḃfaġuinn sgéul,
’Na ṫeampoll mar is cóir.
5Oir ġniḋ m’folaċ a nám na hairc’,
Na ṗailliún dín do ġníḋ;
A ndioṁaireaċt a ṗailliún ḋaṁ,
Air ċarruig cuirfiġ mé.
6Ós cionn mo naiṁde ta fa ccuairt,
’Nois tógṫar suas mo ċeann;
Glan ioḋbairt áoiḃneaċ uimesin
Da ṗailliún bearṫar liom.
A’s seinnfiġ me le molaḋ mór,
Oir cánfad fós go binn;
Ceól agus psalm ard do Ḋia,
Air feaḋ mo rae ’s mo linn.
7Le guṫ mo ḃéil tráṫ éiġim riot,
Taḃar éisteaċt ḋaṁ, a Ḋé;
Le hioċt dean trócaire orm a’s fóir,
Go gnáṫaċ freagair mé.
8Iair m’aġuiḋ, tráṫ duḃairt tu leam,
An sin duḃairt m’anam riot;
T’aġuiḋ agus do ġnuis a Ḋé,
Sin iarraim féin go hait.
9Na folluiġ uaim do ġnuis a ḃfeirg,
Na tréigse d’oglaċ féin;
’S tu mo ċoḃair a Ḋia mo ṡláint’
Na fágsa me ’s na tréig.
10Tráṫ ṫréigeas m’aṫair me go tur,
’S mo ṁáṫair fos m’aráon:
Do ġniḋ an Ti’arna féín ann sin,
Mo ṫógḃail suas go cáoinn.
11A Ḋia teaguisg ḋaṁ do ṡlíġe féin,
A’s treóruiġ me a Ḋe;
Do ḃríġ mo naiṁde miorúnaċ,
Air ċasáin díreaċ réiḋ.
12Do ṁiorún m’eascáirde ro ġéur,
Na taḃair mise ḋóiḃ:
Oir d’éirgiḋ ’m’aiġ’ luċt fiaḋnuis bréug,
As dream a ḃrúċtas niṁ.
13Raċfuiġ mo ṁeisneaċ uile air ccúl,
Mun ccreidfinn maiṫeas Dé;
Go ḃfaicfinn sin a ttír na mbeo,
Dom ḟuasglaḋ an m’féiḋm.
14Fuiriġ go foiġideaċ re Dia.
Glac ċuġad meisneaċ ṁór;
Ḃeir se spionnaḋ a gcroiḋe ḋuit,
Fuiriġ re Dia na glóir.

Currently Selected:

Psalm 27: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in