YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 26

26
XXVI Psalm.
1Taḃuir ormsa breiṫ ’Ḋé na ndúl,
Am’ neiṁċionta ġluaiseas féin;
Óir ċuireas doċas maiṫ a nDia,
Na sleaṁnóċaḋ mo ċéim.
2Ḋia, spionn mo ċroiḋe a’s m’airne fós,
Ransuiġ a’s teastiġ me;
3Óir ḋearcas air do ċáoiṁneas ġráiḋ;
Ġluaiseas ad ḟírinn réiḋ.
4Le cuideaċt ḋioṁaóin ríaṁ níor ṡuiġ,
Ni ṡiuḃluim le luċt sáoḃ;
5Is beag orm coiṁṫional an uilc
’S ni ṡuiḋim measg na mbáoṫ.
6A neiṁċiontuiḃ niġ me mo láṁ’
A’s cuairtfead ṫ’altóir, ’Ḋé;
7Go ḃfoillséoġċuinn le molaḋ ard
Do ṁiorḃuile go léir.
8Cóṁnuiḋe do ṫiġ ġraiḋios féin,
A Ṫiġearna a’s a Ḋé;
A’s d’ionad cóṁnuiḋe onóraċ
Is ro ionṁuin leam é.
9Le peacuiḋiḃ, ta déanaṁ oilc,
Na cruinniġ m’anam boċt;
Na cuir mo ḃeaṫa na ccuideaċt súd,
Ta togaraċ na loċt.
10Da ḃfuil an taiṁleas mór ’na nglaic,
Duais ḃraṫa na láiṁ ḋeis:
11Aċ gluaisfead am neiṁċiontuiḃ féin,
Ad’ ṫrócair sáor gan ċeist.
12Na seasaṁ ta mo ċos go beaċt,
Air ionad ċóṁ‐ard réiḋ’;
A’s aír measg ċoiṁṫional na náoṁ,
Beannóċad ṫusa Ḋe.

Currently Selected:

Psalm 26: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in