YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 25

25
XXV Psalm.
1’Ṫi’arna tóguim m’anam ċuġad,
Mo ḋia ta ṡuas air neaṁ;
Am’ íonsuiḋe na léig aḋḃar náir
Ó’m’ naiṁde ta go leaṁ.
2Fuiḋ naire a’s ṁaslaḋ na léig neaċ,
A ġnáṫas feiṫeaṁ ort:
Aċ náire go raiḃ air a ndream,
A ġníḋ gan aḋḃar loċt.
3Foillsiġ, Ṫi’arna, do ṡliġṫe ḋaṁ:
Ad’ ċasáin teagaisg mé,
4A’s treóruiḋ me ad ḟirinn ġlain,
’S mo ṫeagasg déan, a Ḋé:
5Óir ’s tu is Ti’arna ann go dearḃ,
’S tu is sláinte do ġnáṫ;
Is ortsa ta me feiṫeaṁ fós,
Le foiġid ṁór gaċ lá.
6Cuiṁniġ, Ḋe, do ṫrócaire ċáoiṁ,
Do ṁuintreas lán do ġráḋ:
O ċian na ccian ata siad ann,
San aimsir ḟad o’n lá.
7Na cuiṁniġ peacaiḋ m’oige ḋaṁ,
Na corṫa rinne me:
’Réir do ṫrócaire cuiṁniġ orm,
As uċd do ġrás, a Ḋé.
8Is maiṫ ’sas díreaċ Dia na ndúl:
Is air an aḋḃar úd,
Do ġniḋṫear leis na peacuiḋ truaġ
A ṫeagasg annsa ród.
9Treóróċuiġ se na ceannsuiġṫe,
A mbreiṫeaṁnuis go ceart:
Na daoine ceansa muinfiġ se,
A sliġṫiḃ Ḋé na ḃfeart.
10Is trócaire ’sas firinne,
Slíġe ar nDé an ’sgaċ ball;
Don dream a ċongṁas cunnraḋ ris,
’Snaċ léig a ṫeist air cáll.
11Ar son h’ainme mo ċionta maiṫ,
Óir ta siad mór, a Ḋé;
12Cia hé eagluiġios Dia? san tslíġ,
Ṫoġfuiġ, muínfiġ se é.
13A seasgaireaċt ġniḋ anam taṁ,
’S lé’ na ṡlioċd le ceart an tír;
14Ṫa rún an Ti’earna ag an dream,
Eagluiġios é go fíor.
A’s ġniḋṫear leis a ċunnraḋ fós,
’Ḟoillsiúġaḋ ḋóiḃ go ceart:
15Ata mo ṡúile féin do ġnáṫ,
Le Ti’arna mór na ḃfeart.
Do ḃríġ go mbeirṫear leis mo ċos,
Go haiṫġearr as an rib;
16Fill ċugam ’s déan trócaire orm,
Am’ aonar taim san ttrip.
17Ṫa Lot mo ċróiḋe ag dul a méad,
Sáor me om aṁgar géur;
18Aṁairc mo ṗéin a’s m’anacar,
’S mo ṗeacuiḋe maiṫ go léir.
19Mo naiṁ’d fuaṫfar taḃair fa ndear.
Oir táid ro lionṁair ann;
Fuaṫ niṁneaċ ċum foiréigin;
Ta aca ḋaṁ náċ gann.
20’Ḋia, fair m’anam, a’s fortuiġ orm,
A Ḋia na nairiġ me;
Mo ḋóċas uile leigim ort,
Do ḃríġ gur tu mo Ḋia.
21’Nis déanuiġ ionracus a’s ceart,
Mo ḋi’n a’s m’feiṫeaṁ ort;
22Ḋia fuasguil air ċlainn Isaréil,
Ó’n uile aṁgar ġoirt.

Currently Selected:

Psalm 25: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in