YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 28

28
XXVIII Psalm.
1A Ḋia mo ċarruig éiġim ort,
’Ad’ ṫost na biḋse uaim;
Air eagla tré sin gur ċósṁuil me,
Le dream ṫéid sios san uaiġ.
2Guṫ m’aṫċuinge traṫ éiġim riot,
Éist ṫusa ann sinn a Ḋé;
’Nuair ṫógfaḋ me mo láṁa suas,
’Ad’ ṫeampoll náoṁṫa féin.
3Le luċt an uilc ’s na héaccóra,
Na tarruing me go bráṫ;
Re na ccóṁarsanuiḃ laḃras sioṫ,
Aċ olc na ccróiḋe ata.
4Do réir a ngnioṁa taḃair doiḃ,
Do réir a rúin ċum oilc;
A’s taḃair dóiḃ droċġnioṁ a láṁ’,
Aṁluiḋ mar ṫuill siad ort.
5Do ḃríġ nar ṫuig siad oibre Dé,
No gnioṁ a láṁa fós;
Do ġniḋ se milleaḋ orra ’s cláoiḋ,
’S ni ḋéan a ttógḃail suas.
6Arson ġuṫ m’aṫċuinge, oir d’éist,
Mór‐ḃeannuiḋe go raiḃ Dia;
7Do ċuir mo ċroiḋe dóċas ann,
Se Dia mo neart ’smo sgiaṫ.
A ta me faġuil furtaċt uaiḋ,
Mar sin le aoiḃneas ait;
Mo ċroiḋe ta lan ’s le m’aḃran binn,
Siór‐ṁoluim é gan stad.
8Se Dia is neart ’sas treis ḋoiḃ,
Oir ta se féin go deas;
’Na neart ’sna spionnaḋ sláinte ḋluiṫ,
Don te do húngaḋ leis.
9A Ḋia furtuiġ do ṗoball cáoiṁ,
A’s beannuiġ d’oiġreaċt féin;
Taḃair beaṫ a’s oileaṁuin dóiḃ.
Tóg iad go braṫ a Ḋe.

Currently Selected:

Psalm 28: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in