YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 35

35
XXXV Psalm.
1Tagair a Dhia re lucht mo ghráin,
Cuir troid air lucht mo chath’,
2Tóg fein do sgiath a’s cuidigh leam,
Éirge ’s déan congnamh maith.
3Glac fós do shleagh ’sar lucht mo thóir,
A mbealach druid go teann;
Re m’anam abair fein mar so,
Is me do chongnamh ann.
4Naire agus cláoidh go raibh dhoibh,
Ta ag iarruigh m’anam bocht;
Cláoidhtear iad le amhgar ghéur,
Ta imuaineadh dhamhsa locht.
5Biodh siad mar lóchán as coinne gáoith’,
A’s aingeal Dé na dtóir;
6Biodh aingeal Dé ag rioth go teann,
Dorcha slea’n biodh an ród.
7Oir gasta leag siad air mo shon,
Gan adhbhar na cionfáth;
A’s diog gan adhbár thochladar,
Chum m’anam féin chuir sás.
8Gan‐fhios go dtigeadh doraing air,
A’s gabhthar é san líon;
’Foluighthear é ansa dóruing cheadn’,
Tuiteadh se féin le tím.
9Ghnidh m’anam luathghaire a nDia,
’S na fhurtacht solás mór;
10Dearuid mo chnámha uile ’Dhé,
Cia ’s cosmhuil leat a gcóir.
Fuasgalan tu an duine bocht,
O’n te ta air ro thréun.
An teasbhuidheach ’san bocht o’n ti,
Ler bh’aill a chláoidh go léir.
11Lucht fiadhnuise bréige d’eirigh suas,
A’s chuir siad an mo leith;
Na neithe sin go héugcórach,
Nar bhseasach me air bith.
12Olc, dhiol siad rium an éiric maith,
Chum m’anam chur fo león;
13Ach mise, trath bhi siadsan tinn,
Bhi ormsa culaidh bhróin.
M’anam re trosgadh d’umhluigh me,
’S d’fill m’urnuidhe ann mo chroidhe;
14Mar charuid no dearbhrathair dhamh,
Go brónach do ghluais me.
15Ach ann mo riachtanas do rinn,
Siad gáirdeachas air fad;
Gan fhios damh fos thional an ghraisg,
Dom’ réubadh a’s dam shlad.
16Le cealgairibh a ccóisreachuibh,
’Rinneadh fonomhad diom;
Ghíoscánadar a bhfiacla fúm,
Ag sgige orm go dian.
17Ca fhad is léar duit so a Dhia,
Sáor m’anam féin go cas;
Ó na milleadh, mo mhuirnín fós,
Sáor me o leóghanuibh bras.
18Sar‐bhuidheachas bheirimse dhuit,
A measg an tionuil mhóir;
’Sa measg an tsloigh tráth ’s lionmhar iad,
Ard‐mholuim thu le glóir.
19Na léig dom namhduibh gárdeachas,
A dhéanamh ós mo chionn;
Na fos don druing thug damhsa fuath,
Tár‐dhearcadh orm go cláon.
20Siothcháin no tlacht ni labhrann siad,
Is fearr leo bearta cláon;
A naghuidh ciuin‐dhaoine na ttír,
Da mbuáreadh air gach taobh.
21Go fársuing d’fosguil siad a mbéul,
A’s rium ha, ha, a deir;
Do chí anois ar suil an nidh,
Budh fonnmhar linn teacht air.
22Ach chonnairc tusa so a Dhia,
Na bi ad thocht a mfeidhm;
A Thighearna a’s a Dhia na bhfeart,
Na fuirigh uaim a ccéin.
23Corruigh suas thu féin a Dhia,
A’s mosguil chum mo bhreith;
24A Dhia do réir do cheartas féin,
Déan furtacht ann mo leith.
25’Na ccróidhe na habradh leófa féin,
Há, ha, se sud ár mian;
A’s fós na habradh siad a chaóidh,
Do shiuigh sinn e go dian.
26Biodh orra náire a’s taruingthear iad,
A mbuaireadh mhór le chéil;
Ata go suilbhear a’s go hait,
Ag feicsin m’amhghar ghéir.
A’s éaduighthear gach aon aca,
Le masladh a’s le náir’;
Ta g’iarruigh urraim mór dóibh féin,
A m’aghuidhse gan támh.
27Biodh áoibhneas orra ’sgáirdeachas,
A sheasas leam a gcóir;
A’s abruidh siad mór‐chlúdh go raibh,
Do Thi’arna mór na glóir’.
Da bhfuil a dhuil a siothcháin bhuan,
A sheirbhisidhe do ghnáth;
28A’s air do cheartas thig mo bhéul,
A’s air do chlúdh gach lá.

Currently Selected:

Psalm 35: PSA1836

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in