YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 34

34
XXXIV Psalm.
1Iehobha bheannuighthe go hárd,
Gach aimsir a’s gach tráth;
A chludh ’sa mholad an mo bhéul,
Go honórach do ghnáth.
2Is annsa Tighearna ro thréun,
Ghnidh m’anam uaill a’s glóir:
Na dáoine séimh, trath chluinneas sud,
Ghnidh gairdeachas go mór.
3Arduighsi liomsa Dia na bhfeart,
Molamaoid ainm le chéil:
4D’iar mise Dia, a’s chuailigh sé,
Le fóir ó ghabhadh ghéur.
5D’amhairc siad air a’s dhealruighdear,
Gan náire air a ngruaidh;
6Do ghláoidh an bocht a’s d’eist ris Dia,
Da fhuascailt as gach truaigh.
7Ta aingeal Dé ag longfortughadh,
’Me’n dream d’ar eagal é;
Ag fuasgladh a’s ag teasárginn,
O’ namhgaruibh go léir.
8Ó blasuigh agus feuchuigh so,
Gur maith ’sgur milis Día;
Tá’n fear sin beannuighthe go beacht,
A dhoighios annsa dTríath.
9Fior‐éagal Dé, biodh oruibh, a náoimh,
Oir uiréasbhuidh na díth;
Ní bhiaidh air lucht a eagla san,
Fior‐chrabhadh dho, do ghnídh.
10Bidh easbhuidh air na leómhain óg,
Agus ocras fa leith;
Ach air an dream do iarras Dia,
Ni cheilean eannidh maith.
11Tigidh a chlann a’s eistigh riom,
Dáoibh múinfead eagal Dé;
12Cia lé’r bh’áill bheith fada beó,
Chum maith d’feicsin ’na laé?
13Coimhead do theanga féin o olc,
’S ó labhárt cheilg do bhéul;
14Seachuin an tolc a’s dean an mhaith,
Iarr siothcháin ’s lean go géur.
15Ta súile Dé air fhíréunuibh,
’Sa chluas chum gláoidh do shíor;
16Ta gnuis De a naghuidh dáoi chum,
A ccuimhne sgrios ón dtír.
17Do ghláoidh na fíréin fos air Dhia,
A’s d’eist léo go grod;
Thug fuasgladh agus furtacht dhóibh,
O amhgaruibh bhi docht.
18Don mhuintir dá bhfuil croidhe bruit,
Is dluith dhoibh Dia gan cheist;
Ghnidh seisean furtacht fos don dream,
Da bhfuil an spiorad bhrist.
19Is iomdha urchóid agus cradh,
Thigh air an bhfíréun cóir,
Ach ast’air fad ghnidh Dia na ngrás,
A tteasairginn fa dheóigh.
20A chnamha uile cúmhdóchuigh se,
Aon ni brisfighear diobh;
21Ach muirfigh olc an malluightheóir,
A’s cláoidhtear e san dríbh.
A’s lucht an fhormuid, a bheir fuath,
Do dháoinibh cóir a’s ceart;
Mór‐chiontach fágfair iad na locht,
Aidhmhilltear iad go beacht.
22Anam a sheirbhiseach go léir,
Saor‐shuasglaigh Dia gach am;
Ni mhilltear aon‐neach diobh súd,
Chuireas a ndóchas ann.

Currently Selected:

Psalm 34: PSA1836

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in