YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 36

36
XXXVI Psalm.
1Deir droichghniomh an chiontuighe so,
’Na chroidhe ’stigh a’s na chliabh;
Fír‐eagal Dé ós coinne a shúl,
’Ni bhfuil ’s ni raibh a riamh.
2Óir ghnidhse spleadhachas ris féin,
A réir mar thaitneas leis;
A pheacuidhe no go naithníghthear,
Mar adhbhair fuath dá sgrios.
3Fír‐mhicheart agus mealltórreacht,
Sud caint a bheil do ghnáth;
A’s sguir se fós do dheanamh maith,
No focla ghlic a rádh.
4Is iona leabuidh smuanighion se,
Air dhiomháoineas ta baoth;
Suidhean air shlighe nach bhfuil maith,
An tolc ni dhiultan se.
5Do thrócháre ta ’sna neamhuibh shuas,
A Thighearna a’s a Dhé;
Go tti na neoil a’s aird na spéur,
Lan‐roichidh d’firinn réidh.
6Do cheartas mar na sleibhte árd,
Do bhreith mar dhoimhneacht mór:
Air dhuine ’s ainmidhe ghnidh tu ’Dhé,
Deagh‐choimhead agus fóir.
7O Dhia, is óirdheirc onórach,
Do thrócaire gradhach cháoimh;
Fó sgáil do sgéith ghnidh, uime sin,
Lán‐dhóchas clann na ndaé.
8Le meathas sós a’s saill do thígh,
Sásóghthar iad go mór;
O amhuin th’aoimhnios sólásach,
Deoch bheir tu dhoibh re cóir.
9Tobar na beatha ta go dearbh,
Agadsa Dhia na ndúl;
A’s ann do sholus dhealrach glan,
Chidh sin‐ne solus iúl.
10Faduigh do thrócáré ghraidhigh Dhe,
Don dream chuir eolus ort;
A’s buanuidh d’fíreuntacht maráon,
Do lucht an chroidhe tá ceart.
11Na léig a chois an uabhruigh bhuirb,
A’m’ aghuidh teacht, a Dhé;
A’s lamh an drochdhuin’ aingidhe fós,
Go bráth na gluaisigh mé.
12An sin do thuit lucht déanta oilc,
A’s leagadh iadsan síos;
Air easbha luaidh ni fhéidir leó,
Eirigh nios mó a níos.

Currently Selected:

Psalm 36: PSA1836

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in