YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 37

37
XXXVII Psalm.
1Collóid na campar na biodh ort,
Le dáoinibh aingidhe olc;
A’s na gabh formuid ris an dream,
A bhios a deanamh locht.
2Oir amhluidh mar is dual don fhéur,
Gearfuighthear iad go grad;
Is amhluidh mar na lusa máoth,
Searguighion siad air fad.
3Annsa dTi’arna cuir do dhóigh,
As déantar maitheas leat;
Mar sin áitreóbhuigh tú an‐sa tír,
’S beathóighfir thu go beacht.
4Gabh tlacht a nDia, a’s bheirfeadh dhuit.
Lán‐rúin do chroidhe go bráth;
Do shlighe tabhair suas do Dhia,
Dóigh ann a’s gheo’ir do ghnáth.
5Bheirse amach do fhíréuntacht,
Mar sholus glan a ttráth;
Is amhluidh mar ard‐mheadhoin laé,
Do bhreitheamhnas gach la.
6Go foi’deach fan re Dia na ndúl,
Feíth go toileamhuil leis;
An ti’nna shlighe ro shona ta,
Na gabhsa formuid ris.
7Fa chúis an fhir a chriochnuighios,
A droch‐bheart int’leachtach.
8Leig corruidhe dhiot a’s fearg, chum uilc,
Na bíse lasántach.
9Óir droch‐dhaoin a’s lucht dheanta an uilc,
Gearrfuighthear iad go fiór;
An dream a bhfuil a súil a nDia,
Sealbhóchuigh siad an tír.
10Óir feith go fóil air readh‐seal bhig,
An cionntach ni bhiaidh ann;
’Sna ionad fós ma bheir fa ndéar,
Ni bhiaidh se féin na chlann.
11Ach na daoine ceansa géobha,
Mar oighreacht an deagh‐thír;
Lan‐sholás bhearfar dhoibh maraon,
Le saidhbhreas mór na síoth.
12An tanduine ghní olc don tsáoidh,
’Sa dioscán fhiacla ris;
13Ghnidh Dia air fonóid, óir dho ’s léar,
Gur dluith do la a sgrios.
14Na haingidhe tharuing siad a lann,
A’s chuir a mbogha a ngléus;
A leagadh an bhua’rthach a’s an bhocht,
’Sag marbhadh lucht deagh‐bhéus.
15An cloidheamh theid tri na chroidhe féin,
Téid air an mbogha claóidh;
16’S fearr beagán aig an duine cóir,
Na saidhbhreas mór na ndaói.
17Rightheacha lucht na haingidheacht,
Brisfighear iad go luath;
Ach daoine córr a’s fírinneach,
Ghnidh Dia iad chongmhail suás.
18Air laethibh dhaóine fírinneach,
Is feasach Dia gan cheist;
A noighreacht a’s a seilbh maraon,
Doibh ’s‐marthanach gan leisg.
19Ni chuirtear lasadh ionna ngruaidh,
’Sa naimsir bheis an tolc;
Oir gheibhid uile sáith go leór,
A laethibh gainne a’s gort’.
20Sgriosfuighear na ciontuidhe, naimhde Dé,
Beidh siad mar shaill na nuan;
Millfighear iad a’s rachuigh air ais,
Mar dheatach nach bhfuil buan.
21Airleagadh gabhuid daoine daoi,
’S ni dhiolfuigh arís air ais;
An fíréun ta se trócáreach,
Do ghnidhthear maitheas leis.
22An mheud a fuarr a bheannachtsan,
Sior‐shealbhóchuigh an tír;
’S an dream a gheibh a mhalachtsan,
Lom‐sgriosfar iad do shíor.
23Ta Dia a stiuireadh céiméana,
An duine naomha cóir;
A’s ta se gabháil tlacht a’s toil,
Da shlighe san go mór.
24Ma tharla dho, go ttuitfeadh se,
Ni theilgfighear e síos;
Oir ta an Ti’arna le na laimh,
Da chongmhail suas a rís.
25Do bhí me og, ’sa nois anaois,
’Sa riamh ni fheaca mé;
An fíréun air na threighion tráth,
Na’ shliocht ag iarruigh bídh.
26Sior‐thrócaireach a’s airleagach,
Beannuidhe a shliocht atá;
27Seachuin an tolc a’s dean an mhaith,
’S aitrigh an tír go brath.
28Is mian le Dia ceart‐bhreitheamhnus,
Ni thréigfidh choidhche a naoimh;
Gheibhid na fíréinigh an tír,
Sguabthar amach na daoí.
29Na fíréun do gheabhaid an tír,
Chúm aitriomh ann gan bhéim:
30Labhruigh an tsaoidh an eagna ghlan,
’Sa theanga rádh gan chlaon;
31Ta dligheadh Dé ’na chroidhe a stigh,
Ni shleamhnóchuigh a chéim.
32Ta’n droch‐dhuine feitheamh air an tsaoidh,
Da tharuing sios chum léun.
33Ni fhágfuigh an Ti’arna é ’na laimh,
A deanamh air aon chleith;
Ni dhamnóchuigh seisean e,
Trath chuirfear e fó bhréith.
34Feith thusa air Dhia ’s na shlighe gluais,
A’s ardóchthar leis thú;
Is leatsa an tír; a’s daoine daoidh,
Da milleadh chidh do shuil;
35An duine malluidhe chonnárc me,
A neart ’sa ninbhe mór;
Da sgaoileadh fein amach mar chrann,
A fás go dosach úr.
36Ach chuaidh se seach a’s féuch ni raibh,
D’iarras, ni bfuaras é;
37Amhairc a’s feuch gur sioth is crioch,
Don duine dhireach réidh.
38Ach sgriosfar lucht an easaontais,
A’s teid siad as maraon;
Di‐mhilltear a’s gearrfuighthear sios,
Crioch dheigheanach droch dhaoin.
39Ach furtacht sior na bhfíréun fós,
Thig sin o Dhia na ndúl;
Agas an am a neigiontuis,
Se is didean air a ccúl.
40Tuicfigh fortacht chucha ó Dhia,
Le saoradh a ndeagh‐am;
Fuasgladh se iad ó dhaoinibh olc,
Ó chuirid a muingín an.

Currently Selected:

Psalm 37: PSA1836

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in