YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 21

21
XXI Psalm.
1A mead do neirt‐si a Dhia na ndúl,
Biaidh luathgháir air an righ:
A’s ann do shláinte trócaireach
Sólás ro mhór do ghnidh.
2Lán‐mhian a’s rún a chroidhe féin,
Thug tusa dhó maráon:
Gach athchuinge d’ar iar a bhéul,
Níor choinnighis uadh féin.
3Oir beannaigheadh an mhaithis mhór
Sin thug tu dhó go moch:
A’s chuiris coróin ar a cheann,
Don ór is glainne dreach.
4D’íar seisean ortsa beatha bhuan,
Sin thug tu dhó go fíor:
A’s thugais faide laethe dho,
Do chum bheith beo do shíor.
5Do tháobh na sláinte thugais dho
Is mór an ghlóir gach am;
Ard‐onoir agus mórdhalacht
Do chuiris air a cheann.
6Oir rinneadh leat ro bheannuighe é,
Air feadh gach ré go beacht;
A’s rinnis ro áoibhinneach fós,
Led’ ghnúis a ttrócaireacht.
7Oir is a nDia Iehobha mór
Do dhóigh an righ do ghnáth:
Tridh thróchaire an ti is aird’,
Ni chorrochar é go bráth:
8Gabhadh do láimh a nuile námh’d:
Air eascair’ do lamh dheis.
9Mar shoirn thinntighe ghnidh tu iad
A naimsir th’feirg dá sgrios:
’Na chorruidhe mór ghnidh Dia go fíor,
A slugadh sios air fad,
A’s ghnidhthear orra milleadh fós,
Le teine mhór go grad.
10A ttoradh sgriosfuigh tu ón dtír,
San phór ó dháoinibh as,
11Oir rinneadar feall a’d’ aghuidh;
A’s cleasradh thuill drochmheas.
12Uime sin, chuirfeadh tu rómhad,
Mar chómhartha iad sa tslíghe,
’S do shoighde géura tri na néad’
Buailfir go dian da gclaoí.
13Arduigh thu‐féin a’d’ chumhachta mór,
A Thighearna na bhfeart:
Marsin sior‐channuigh sinn do chludh,
A’s molfuigh sinn do neart.

Currently Selected:

Psalm 21: PSA1836

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in