YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 22

22
XXII Psalm.
1Mo Dhia, mo Dhia, creud me fair threíg?
Léd’ th’furtacht uaim a ccéin,
Ó bhriathruibh truagh mo ghartha árd,
Gan fuasgladh orm am’ fhéidhm?
2Mo Dhia ní thugais freagradh dhamh,
’San la dár ghairios ort;
Anuair budh chóir dhamh tamh san oidch’
Ní bhfuilim féin a’m’ thocht.
3Gidheadh ta tusa fíorghlan náomh’,
A dhia os cionn gach sgéil!
A’d’ chómhnuidhe annsa náras séin,
Dá bhfuil clúdh Isaréil.
4Ionnadsa chuir air naithre dóigh,
A’s sháoradh iad go fíor.
5Do ghláoidheadar ort a’s uimesin,
Ni cláoidhtear iad do shior.
6Ach mise fós, ni duine ach cnuimh:
Gráin‐dháon a’s táir na slógh.
7Cúis cratha cinn a’s chasádh béil,
Don dream a chí mo dhóigh.
8Ag rádh do chuir a dhoigh a nDia,
Chum fuasgladh air ann fheidhm:
Tugadh se fuasgladh dhó a nois,
Oir thug se dhósan spéis.
9Ach thusa an ti thug me ’mach
As broinn mo mhathar mé:
’Stu budh bhunudhas dóchuis damh,
Trath bhidh’s ag díul na ccích.
10Ó’n mbróinn do teilgeadh ortsa me,
Trath bhidh’s óg a’s máoth;
O thainic me ón mbolg amach
Is tu mo dhia ro cháomh.
11A Dhe na bidhse fada uaim,
Oir ’sdluth dham buaireadh teann,
’Sgan agam neach dom chuideaghadh,
No aon a chuiris leam.
12Do chuartuigheadar móran damh,
Timchioll me air gach láimh;
D’iath umam tairbh ro laidir borb,
O Bhasan bhi meith‐chnáimh.
13Go fairsing d’fosguil siad a mbéil,
Mar leómhuin allta, garg,
A’ tabhart sithidh réubaidh orm
Le búirfeadh ta ro shearbh.
14Mar uisge dorrteadh mis’ amach,
Mo chnámha sgáint’ o chéil;
Mo chroidhe am chúm ar táobh a stigh,
A leaghadh ta mar chéir.
15Air dtiormughadh mar phota chriaidh,
A ta mo neart a Dhé;
Mo theanga ar gceangall rem’ ghiall
Go húir bhais thug tu mé.
16Oir d’iath am’ thiomchioll madruidhe docht,
Bhuail umam thall ’sa bhus,
Mór‐bhuidheann lucht na haingidheacht
Loit siad mo lámh ’smo chos.
17Mo chnámha uile féudfaidh me,
A naíreamh leith air leith,
Go géur a taid ag amharc orm,
Ag dearcadh orm go seth.
18Mo éadach eatorra do roinn,
Chrancair siad air mo bhrat:
19Ach bhfad óm’ chobhair ’Dhia, mo neirt
Na fan, ach deithfrígh ort.
20Do m’anam tabhair fuascladh deas,
Ó’n ccloidheamh sgaitheach ghéur;
A’s m’áon‐ghrádh cáoimh go sáorthar leat,
Ó neart an mhadraidh thréun.
21Ó bhéul an leómhain laidir bhoirb,
’Dhe fuasgail me gan stad;
Ó adharcuibh na mbuabhall tréun,
Oir chualais me go grad.
22Dom bhráithribh chuirim t’ainm a gcéill,
San oighreacht’ molfad thu;
23Siol Iácoib ’sa lucht eaglas Dia,
Glóir tugaigh dho a’s cliudh;
Oraibhsi Israéil iaramáoid,
Bheith ’neagladh, sin gach ló;
24Oir tarcuisne ’riamh ni rinn air bhocht,
’Sníor ghabh se gráin dá león’.
Nior fholuigh air ’sníor cheil a ghnúis,
Nior thréig an tráth bhí teinn.
Trath rinn se gláodh a’s gearán ris,
Thug éisteacht do go binn;
25Is ortsa bhios mo mhóladh ard,
’San ccómdhail mhór a Dhé!
Mo mhóide iocam fós ’láthair,
Na druing’ d’air eagal é.
26Na dáoine sin, ta macánta,
Ithid a’s gheibh a sáith;
Lucht iarras Dia, ard‐mholuid é,
Bhur ccroídhe bhiaidh béo go bráth.
27Fillfigh chum Dé gach iomall tír,
Ag cuimhniughadh air fa leith:
A’s sluagh na gcineacha go léir,
Dhuit géillfigh siad gan leisg.
28Arson gur le Iehóbha mór,
An rio’cht le cóir a’s ceart:
’Sa measg na ccineadhach air fad,
’S leis Tighearnas a’s neart.
29Na dáoine ramhra an ’sgach tír,
Iosfuid a’s géillfid dó:
Dho cromfáid síos gach ttéidh do núir,
Ni choing’ néach anam beo.
30Thig sliocht a ghnidh seirbhís do Dhia,
Dho meastar iad mar dhín.
31Innsid go fíor don ál re theacht,
Gur b’ésean súd do rinn.

Currently Selected:

Psalm 22: PSA1836

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in