YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 20

20
XX Psalm.
1Go bhfreagra Dia thu annsa la
Do bhuaidh’rtha a’s do phéin,
Go ndéanadh ainm Dé Iácob fós,
Síor‐choimhéad ort ad fhéidhm.
2Go ccuiridh chughad cobhair ádh’,
Trath, as a theampul náomh’;
A’s déanadh se do neartughadh
As a Shion féin go cáomh.
3Cuimhnighean se go grás’mhuil duit
T’uile ofráil go grad,
A’s gabhadh se go taitne’ach uait
T’iobairt loisgthe air fad.
4Do réir deagh‐rúin do chroidhe‐se féin
Tiubhradh se dhuit go maith,
Cóimhlionadh se gach cómhairle,
Ta ann do chroidhe a raith.
5Déanam gáirdeachas a’d’ shlánúghadh
Agus a nainm ar nDé,
Ardóighmid suas ár mbratacha:
Dia chóimhlionfas do mhian.
6’Nois aithnighim go slánuighion se
An tan’m do hungadh leis:
A’s le neart sáoradh dheis‐láimh Dé,
O neamh go neistear leis.
7Ta cuid d’earb’as a ccarbaduibh,
A’s cuid a neachaibh árd:
Acht, ainm an Tighearna ar nDia
Cuimhneóchuigh sin gach áit.
8D’isliughadh iad, a’s thuit siad sios:
Acht d’eirigh sinn, a’s sheas.
9’Dhia fóir a’s éisdeadh rinn an righ,
Trath gnidhmid gearán ris.

Currently Selected:

Psalm 20: PSA1836

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in