YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 37

37
Salm 37.
Noli aemulari.
1Ná bí ag cur imní ort féin ar son an drochdhuine: agus ná bí ag éad le lucht an oilc.
2Óir ní fada go ngearrfar mar fhéar iad: agus go bhfeofaidh siad mar fheonn an luibh ghlas.
3Cuir do dhóchas sa Tiarna, agus cleacht dea‑ghníomhartha: fan i do chónaí sa tír, agus dar mʼfhírinne gheobhaidh tú do bhia.
4Go mba é an Tiarna dʼaoibhneas: agus tabharfaidh sé dhuit mian do chroí.
5Gabh i gcionn do shlí faoi choimrí an Tiarna, agus cuir do mhuinín ann: agus cuirfidh sé i gcrích é.
6Déanfaidh sé dʼfhíréantacht chomh soiléir leis an solas: agus dʼionracas le lár an lae.
7Tagadh ciúnas ort ón Tiarna, agus fan leis go foighneach: agus ná bí ag ceasacht faoin té a mbíonn an séan ar a shlí, faoin duine a chleachtas claonchomhairlí.
8Éirigh as dʼfhearg, agus cuir uait an colg: ná cuir imní ort féin, nó má chuireann, is cathú chun oilc duit é.
9Scriosfar lucht déanta an oilc: agus an dream a fhanas go foighneach leis an Tiarna, is orthu a thitfidh oidhreacht na tíre.
10Tamall beag eile, agus beidh fear an oilc imithe as ar fad: cuardóidh tú an t‑ionad a mbíodh sé, agus beidh sé ar shiúl.
11Ach beidh seilbh an talaimh ag an dream a bhfuil sprid na ceansachta iontu: agus dá mhéid í an tsíocháin is móide an sólás a bhainfeas siad aisti.
12Bíonn fear an oilc ag cur comhairle in aghaidh an fhíréin: agus ag baint díoscarnaí as a fhiacla ina éadan.
13Déanfaidh an Tiarna gáire fonóideach faoi: ó fheiceann sé go bhfuil a lá ag teacht.
14Tharraing lucht an oilc a gclaíomh agus lúbadar a mbogha: go gcuirfidh siad an bocht agus an dearóil ar lár, agus go maróidh siad an dream atá ar shlí a leasa.
15Rachaidh a gclaíomh trína gcroí féin: agus brisfear an bogha orthu.
16Is fearr beagán ag an bhfíréan: ná mórmhaoin ag lucht an oilc.
17Óir beidh lámha lucht an oilc á mbriseadh: agus beidh an Tiarna ina chrann taca ag na fíréin.
18Is aithnid don Tiarna laethanta na ndaoine diaganta: agus fanfaidh a n‑oidhreacht go brách.
19Ní bheidh aiféala orthu in am na contúirte: agus gheobhaidh siad a sá in am an ghorta.
20Ach is é atá i ndán do lucht an oilc, a scrios; agus beidh naimhde an Tiarna mar bhláth an mhachaire: beidh, agus rachaidh siad as mar théann an toit as.
21Faigheann an drochdhuine iasacht nach bhfilleann: ach bíonn an fíréan trócaireach flaithiúil.
22An dream ar bheannaigh Dia iad, gheobhaidh siad seilbh na tíre: agus an dream a mhallaigh sé, beidh siad á scriosadh.
23Bíonn imeachta an dea‑dhuine á rialú ag an Tiarna: agus soirbhíonn sé a shlí chun a shásaimh féin.
24Siúd is go dtiteann sé, ní fhágfar ar lár é: ó bíonn lámh an Tiarna ag cur taca leis.
25Bhí mé óg, agus táim aosta anois: ach ní fhaca mé riamh an fíréan fágtha, ná a shliocht ag cruinniú a gcoda.
26Bíonn an fíréan trócaireach i gcónaí, agus tugann sé iasachtaí uaidh: agus bíonn beannacht ar a shliocht.
27Seachnaígí an t‑olc, agus cleachtaígí dea‑ghníomhartha: agus fan mar a bhfuil tú i do chónaí.
28Óir bíonn grá ag an Tiarna don cheart: ní thréigeann sé a mhuintir féin, an mhuintir dhiaganta, ach bíonn siad á gcumhdach go síoraí.
29Cuirfear pionós ar lucht an oilc: is do shliocht na ndrochdhaoine atá an scrios i ndán.
30Titfidh oidhreacht na tíre ar na fíréin: agus mairfidh siad inti go deo.
31Bíonn béal an fhíréin ag cleachtadh eagna: agus beidh a theanga ag trácht ar an mbreithiúnas.
32Bíonn dlí an Tiarna ina chroí: ní imeoidh a chosa as faoi.
33Bíonn fear an oilc ag coimheád an fhíréin: agus ag faire na faille go maraí sé é.
34Ní fhágfaidh an Tiarna ar a láimh é: ná ní dhaorfaidh sé é nuair a cuirtear faoi bhreithiúnas é.
35Cuir do dhóchas sa Tiarna, agus coinnigh a shlí, agus cuirfidh sé in ardchéim tú, go mbí seilbh na tíre agat: nuair a chuirfear críoch le fear an oilc feicfidh do shúil é.
36Chonaic mé féin fear an oilc faoi chumhacht mhór: ag fás mar chrann glas lárach.
37Chuaigh mé thart, agus siúd ar shiúl é: chuardaigh mé é, ach ní raibh a áit le fáil.
38Cloígh leis an neamhchiontacht, agus tabhair aire don ní atá ceart: óir tabharfaidh sin síocháin don duine sa deireadh.
39Rachaidh an drong choirtheach chun éaga le chéile: is é an chríoch a bheas ar lucht an oilc, a scrios sa deireadh.
40Ach is ón Tiarna a thagann slánú na bhfíréan: agus is é an Tiarna a gcumhacht in am an bhuartha.
41Seasfaidh an Tiarna dóibh, agus slánóidh sé iad: fuasclóidh sé iad ó na drochdhaoine, agus saorfaidh sé iad, de bhrí gur chuireadar a ndóchas ann.

Currently Selected:

Na Sailm 37: OC1965

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in