Na Sailm 38
38
Salm 38.
Domine, ne in furore.
1Ná tabhair achasán dom, a Thiarna id fhearg: ná smachtaigh mé i dteas do dhíbheirge.
2Óir tá do shaigheada sáite ionam: agus do lámh anuas orm go trom.
3Níl aon fhónamh ar mo cholainn, de bhrí do dhíbheirge: ná ní fhaigheann mo chnámha suaimhneas de bharr mo pheaca.
4Óir dʼéirigh mo mhíghníomhartha os mo chionn: agus táid mar throm‑ualach, a sáraíonn sé orm a iompar.
5Tá mo chneácha bréan, lofa: de bharr mo dhíchéille.
6Lena dtáinig orm de bhrón agus de bhuaireamh: bím ag imeacht faoi dhólás dá mbʼfhada an lá.
7Óir tá mo leasracha líonta de dhrochaicíd: agus ní slán aon bhall de bhaill mo choirp.
8Táim lag, agus is géar mo ghoin: lig mé béic asam le buaireamh mo chroí.
9A Thiarna, is feasach duit mian mo chroí: agus ní cheiltear ort na hosnaí a tharraingím.
10Tá mo chroí ag bualadh go tiubh, agus táim in easpa bhrí: agus dalladh solas moshúl.
11Sheas mo chairde agus mo chomharsana ag amharc ar mo bhuaireamh: agus sheas mo lucht gaoil i bhfad uaim.
12Bhí fós an dream a raibh mʼanam uathu ag cur dola romham: agus an dream a bhí le mo dhochar ag canadh urchóide agus ag beartú feille dá mbʼfhada an lá.
13Agus bhí mise mar bhodhrán, agus níor chuala mé iad: agus mar bhalbhán nach bhfosclann a bhéal.
14Bhí mé mar fhear nach bhfuil éisteacht aige: ná aisfhreagra ina bhéal.
15Óir is ionat, a Thiarna, a chuir mé mo dhóchas: is tú a fhreagrós ar mo shon, mo Thiarna Dia.
16Ba é mʼiarratas nach maífeadh an drong sin mo naimhde a mbua orm: óir nuair a shleamhnaigh mo chos, chuir sin áthas mór orthu im aghaidh.
17Agus, i bhfírinne, is buan faoin bplá mé: agus bíonn mo thuirse de shíor faoi mo shúil.
18Óir admhóidh mé mʼurchóid: agus beidh brón orm faoi mo pheaca.
19Ach bíonn mo naimhde beo bríomhar: agus is mór méid an dreama a thug fuath dom gan fáth.
20Agus an dream a thugann an t‑olc in aghaidh na maitheasa, táid im éadan: de bhrí go leanaim dá bhfuil maith.
21Ná tréig mé, mo Thiarna Dia: ná fan i bhfad uaim.
22Déan deifir agus cuidigh liom: a Thiarna Dia mo shlánaithe.
Currently Selected:
Na Sailm 38: OC1965
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965