1
Na Sailm 37:4
An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)
Go mba é an Tiarna dʼaoibhneas: agus tabharfaidh sé dhuit mian do chroí.
Compare
Explore Na Sailm 37:4
2
Na Sailm 37:5
Gabh i gcionn do shlí faoi choimrí an Tiarna, agus cuir do mhuinín ann: agus cuirfidh sé i gcrích é.
Explore Na Sailm 37:5
3
Na Sailm 37:7
Tagadh ciúnas ort ón Tiarna, agus fan leis go foighneach: agus ná bí ag ceasacht faoin té a mbíonn an séan ar a shlí, faoin duine a chleachtas claonchomhairlí.
Explore Na Sailm 37:7
4
Na Sailm 37:3
Cuir do dhóchas sa Tiarna, agus cleacht dea‑ghníomhartha: fan i do chónaí sa tír, agus dar mʼfhírinne gheobhaidh tú do bhia.
Explore Na Sailm 37:3
5
Na Sailm 37:23-24
Bíonn imeachta an dea‑dhuine á rialú ag an Tiarna: agus soirbhíonn sé a shlí chun a shásaimh féin. Siúd is go dtiteann sé, ní fhágfar ar lár é: ó bíonn lámh an Tiarna ag cur taca leis.
Explore Na Sailm 37:23-24
6
Na Sailm 37:6
Déanfaidh sé dʼfhíréantacht chomh soiléir leis an solas: agus dʼionracas le lár an lae.
Explore Na Sailm 37:6
7
Na Sailm 37:8
Éirigh as dʼfhearg, agus cuir uait an colg: ná cuir imní ort féin, nó má chuireann, is cathú chun oilc duit é.
Explore Na Sailm 37:8
8
Na Sailm 37:25
Bhí mé óg, agus táim aosta anois: ach ní fhaca mé riamh an fíréan fágtha, ná a shliocht ag cruinniú a gcoda.
Explore Na Sailm 37:25
9
Na Sailm 37:1
Ná bí ag cur imní ort féin ar son an drochdhuine: agus ná bí ag éad le lucht an oilc.
Explore Na Sailm 37:1
Home
Bible
Plans
Videos