YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 32

32
Salm 32.
Beati, quorum.
1Is beannaithe dá maitear a éagóir: a gcumhdaítear a pheaca.
2Is beannaithe an té nach mbíonn peaca á chur ina leith ag an Tiarna: agus nach mbíonn cealg ina sprid.
3Chomh fada agus dʼfhan mé i mo thost: críonadh mo chnámha le mo ghearán gach lá.
4Óir leagann tú do lámh go trom orm lá agus oíche: bíonn mo shú mar thriomlach an tsamhraidh.
5Nochtfaidh mé mo pheaca duit: agus níor cheil mé mʼéagóir.
6Dúirt mé, Admhóidh mé mo pheaca don Tiarna: agus dá bhrí sin mhaith tú dom coir mo pheaca.
7Ar an ábhar sin beidh gach duine cráifeach do do ghuí in uair na faille: is cinnte nach dtiocfaidh na tonnta báite dá chomhair.
8Is tú mʼáit folaithe, beidh tú do mo chumhdach ó bhuaireamh: beidh tú do mo thimpeallú le hamhráin fuascailte.
9Beidh mé mar oide múinte agat, agus mar eolaí sa bhealach atá le siúl agat: agus beidh mo shúil do do threorú.
10Ná bígí mar an each nó mar an mhiúil, atá gan tuiscint: ionas go gcaithfear a mbéal a choinneáil leis an mbéalbhach nó leis an srian, agus nach n‑umhlóidh duit gan iad.
11Tá plánna móra i ndán do lucht an oilc: ach an té a chuireas a dhóchas sa Tiarna, bíonn an trócaire ar gach taobh de.
12Bíodh áthas oraibh, a fhíréin, agus go mba é an Tiarna bhur ngairdeas: agus bíodh lúcháir oraibh a lucht an chroí fhír.

Currently Selected:

Na Sailm 32: OC1965

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in