YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 31

31
Salm 31.
In te, Domine, speravi.
1Is ionat, a Thiarna, a chuir mé mo dhóchas: ná lig dom náire a fháil, ach fuascail mé i dʼfhíréantacht.
2Tabhair cluas dom: déan deifir agus fuascail mé.
3Agus bí agam mar charraig láidir, agus mar theach thearmainn: go slánaí tú mé.
4Óir is tú mo charraig láidir, agus mo chaisleán: bí tusa agam fós mar eolaí, agus ar son dʼAinm bí do mo sheoladh.
5Tarraing amach as an líon mé, a cuireadh romham os íseal: óir is tú mo neart.
6Tiomnaim mʼanam faoi do lámha: óir cheannaigh tú mé, a Thiarna, a Dhia na fírinne.
7Bʼfhuath liom lucht leanúna na bpiseog baoth: ba é an Tiarna mo dhóchas.
8Beidh do thrócaire mar chúis ghairdis agus lúcháire agam: óir thug tú beann ar mo bhuaireamh, agus bhí aithne agat ar mʼanam sa chúnglach.
9Níor dhún tú lámh an namhad orm: ach chuir tú mo chosa ina seasamh in áit fhairsing.
10Bíodh trócaire agat dom, a Thiarna, ó táim i mbuaireamh: tá mo shúil á snoí ag an gcumha; táim do mo shnoí idir chorp agus anam.
11Óir chuir an buaireamh le mʼaois: agus chuir an brón le mo bhlianta.
12Chlis mo neart orm, de bharr mʼéagóra: agus tá mo chnámha críonta.
13Chuaigh mo naimhde uile do mo cháineadh, agus go háirithe mo chomharsana: bhí eagla ar mo lucht aitheantais romham; an dream a dʼfheiceadh amuigh mé, theithidís romham.
14Rinneadh dearmad glan díom, ligeadh as cuimhne mé mar dhuine atá marbh: táim mar shoitheach briste.
15Óir chuala mé tarcaisne an tslua, agus níl ní i mo thimpeall nach gcuireann eagla orm: téann siad i gcogar eatarthu féin, agus cuireann siad comhairle go raibh mʼanam acu.
16Ach dob asat a bhí mo dhóchas, a Thiarna: is é dúirt mé, Is tú mo Dhia.
17Tá mo ré i do láimh; fuascail mé ó láimh mo naimhde: agus ó lucht mo ghéarleanúna.
18Taispeáin solas do ghnúise do do sheirbhíscach: agus saor mé ar son do thrócaire.
19Ná faighim náire, a Thiarna, ó ghlaoigh mé ort: faigheadh lucht an oilc náire, agus cuirtear ina dtost san uaigh iad.
20Balbhaítear béal na bréige: a bhíos chomh míthrócaireach, mioscaiseach, mailíseach, ag cáineadh an fhíréin.
21Níl insint ar an ollmhaitheas atá i dtaisce agat le haghaidh an dreama darb eagal tú: agus atá ullmhaithe agat don dream a chuireas a ndóchas ionat, agus nach gceileann é ar chlann na ndaoine!
22Beidh tú féin i láthair lena bhfolach ionas nach gcuirfeadh aon duine cathú orthu: cumhdóidh tú faoi cheilt i do phailliún iad ó chlampar na dteangacha.
23Altú don Tiarna; a thaispeáin a mhórmhaitheas iontach dom i gcathair láidir.
24Ba róthobann a dúirt mé: ruaigeadh mé as amharc do shúl.
25Ach ina dhiaidh sin, dʼéist tú le mo ghuí: nuair a ghlaoigh mé ort.
26Tugaigí grá don Tiarna, a naoimh uile an Tiarna: óir cumhdaíonn an Tiarna an dream a bhíos dílis dó, agus cuireann sé tromphionós ar lucht na ngníomhartha uaibhreach.
27Bíodh misneach agaibh, agus nár lagaí sé bhur gcroí: a dhaoine a chuireas bhur ndóchas sa Tiarna.

Currently Selected:

Na Sailm 31: OC1965

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in