YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 33

33
Salm 33.
Exultate, justi.
1Go mba é an Tiarna bhur ngairdeas, a fhíréin: óir is é an buíochas is dual agus is dúchas ó dhea‑dhuine.
2Molaigí an Tiarna leis an gcláirseach: seinnigí a mholadh leis an liút, agus le cruit na ndeich téad.
3Canaigí amhrán úrnua don Tiarna: go mba ard‑aigeantach dea‑chroíúil a sheinneas sibh a mholadh.
4Óir is fíor é briathar an Tiarna: agus is dílis iad a oibreacha uile.
5Bíonn grá aige ar an bhfíréantacht agus ar an mbreithiúnas: tá an talamh lán de shuáilcí an Tiarna.
6Is le briathar an Tiarna a rinneadh na neamha: agus rinneadh a sluaite uile le gaoth a anála.
7Tá mar bheadh sé ag cruinniú agus ag carnadh uisce na farraige: agus mar bheadh an aibhéis mhór á cur i leataobh aige, i dteach a shéad.
8Bíodh eagla ar an talamh uile roimh an Tiarna: bíodh urraim oraibh roimhe, a lucht áitithe na cruinne.
9Óir, is é labhair, agus rinneadh amhlaidh: is é dʼordaigh, agus ba ní buanseasmhach é.
10Cuireann an Tiarna comhairle na bpágánach ar ceal: agus cuireann sé bearta na ndaoine ar neamhní, agus diúltaíonn sé do chomhairlí na bhflath.
11Fanfaidh comhairle an Tiarna go deo: agus fanfaidh smaointe a chroí ó ghlúin go glúin.
12Is beannaithe an mhuintir, arb é an Tiarna láivé a nDia: agus is beannaithe an cine a thogh sé mar a oidhreacht féin.
13Féachann an Tiarna anuas ó neamh, agus amharcann sé ar an Ádhamhchlann uile: bíonn a maireann ar an talamh á scrúdú aige óna theach agus óna áras.
14Bíonn a gcroithe uile á múnlú aige: agus níl ní dá ndéanann siad nach dtuigeann sé.
15Cá bhfuil an rí a dtarrthódh neart a shlua é: nó an fear cróga a thiocfadh slán lena mórneart?
16Ní meastar each ach ina ní gan tairbhe chun duine a shlánú: ní shaorfaidh a mhórneart duine ar bith.
17Féach, mar bhíonn súil an Tiarna ar an dream darb eagal é: agus ar an dream a théann i muinín a thrócaire;
18Ar modh go slánaí sé a n‑anam ón mbás: agus go mbeathaí sé iad in aimsir an ghorta.
19Bʼfhoighneach a dʼfhan ár n‑anam leis an Tiarna: óir is é ár gcabhair agus ár sciath é.
20Is é bhíos mar chúis ghairdis ag ár gcroí: ó bhíodh dóchas againn as a Ainm Naofa.
21Bíodh do thrócaire charthanach, a Thiarna, á doirteadh orainn: de réir mar chuirimid ár ndóchas ionat.

Currently Selected:

Na Sailm 33: OC1965

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in