YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 28

28
Salm 28.
Ad te, Domine.
1Is ort a ghlaofas mé, a Thiarna mo chumhacht: nára beag leat mo chás; óir, má thugann tú an chluas bhodhar dom, beidh mé mar dhuine den dream a théann síos sa pholl.
2Éist le mo ghlór, nuair a ghlaoim ag cur achainíocha ort: agus aghaidh mo bhos in airde i dtreo cathaoir thrócaire do theampaill naofa.
3Ná sciob ar siúl agus ná scrios mé le lucht na míchráifeachta agus na ndrochghníomhartha: a labhraíos go cairdiúil lena gcomharsana, agus a chumas olc ina gcroí.
4Tabhair luaíocht dóibh a bheas de réir a ngníomhartha: agus de réir a ndrochbheart.
5Cúitigh dóibh de réir saothar a lámh: íoc leo an mhéid a thuilleadar.
6Óir ní bhíonn aird a n‑intinne ar oibreacha an Tiarna, ná ar shaothar a lámh: agus dá bhrí sin ní tógfaidh sé suas iad, ach á mbriseadh síos.
7Moladh don Tiarna: a dʼéist le fuaim mʼachainíocha umhla.
8Is é an Tiarna mo neart agus mo sciath; chuir mo chroí a dhóchas ann, agus fóireadh orm: dá bhrí sin léimeann mo chroí le háthas, agus molfaidh mé im amhrán é.
9Is é an Tiarna mo neart: is é dídean slánaithe a ungthaigh é.
10Saor do mhuintir, agus tabhair do bheannacht dod oidhreacht: bí á mbeathú agus á n‑ardú go deo.

Currently Selected:

Na Sailm 28: OC1965

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in