YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 29

29
Salm 29.
Afferte Domino.
1Luaigí leis an Tiarna, a lucht na treise: luaigí leis an Tiarna an chlú agus an chumhacht.
2Luaigí leis an Tiarna an onóir is dual dá Ainm: déanaigí an Tiarna a adhradh le hadhradh naofa.
3Tá glór an Tiarna os cionn an uisce: is é Dia na glóire é, ag déanamh toirní.
4Is é an Tiarna a rialaíos an fharraige; is é glór an Tiarna is mó éifeacht: is é glór an Tiarna an glór cumasach.
5Bíonn na crainn céadrais á mbriseadh ag glór an Tiarna: briseann an Tiarna céadrais Sléibhe Liabháin.
6Baineann sé léim astu mar léimfeadh lao: léimeann Sliabh Liabháin agus Sliabh Sirión mar aon adharcach óg.
7Téann glór an Tiarna idir na caortha tine; cuireann glór an Tiarna an fásach ar luascadh: bíonn fásach Cades á luascadh ag an Tiarna.
8Cuireann glór an Tiarna an lao as an eilit, agus an duilliúr den chraobh: níl ní ina thimpeall nach mbíonn ag moladh a chlú.
9Shuigh an Tiarna mar Rí os cionn na Díleann: agus fanann an Tiarna ina Rí go deo.
10Neartóidh an Tiarna lena mhuintir: tabharfaidh an Tiarna dá mhuintir beannacht na síochána.

Currently Selected:

Na Sailm 29: OC1965

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in