YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 27

27
Salm 27.
Dominus illuminatio.
1Is é an Tiarna mo sholas, agus mo shlánú; cé sin a mbeidh eagla orm roimhe: is é an Tiarna neart mo bheatha; cé siúd a chuirfidh crith orm?
2Bʼshiúd chugam lucht an oilc, mar tá mo naimhde agus mʼeascairde, go n‑íosfaidís an fheoil de mo chnámha: ach fuaireadar tuisleadh agus thiteadar.
3Dá mbeadh slua fear in eagar catha im éadan, ní bheidh eagla ar mo chroí: agus siúd is go gcuirtí cogadh orm, is ann a chuirfidh mé mo dhóchas.
4Chuir mé achainí amháin ar an Tiarna, ní iarrfaidh mé air ach an mhéid sin: bheith i mo chónaí i dteach an Tiarna le mo shaol ʼsmo laethanta i riocht go bhféadfainn scéimh an Tiarna a fheiceáil, agus bheith ag taithí a theampaill.
5Óir in am an bhuartha cumhdóidh sé mé ina phailliún: is amhlaidh a fholóidh sé mé in ionad diamhair a árais, agus ardóidh sé mé ar charraig chloiche.
6Agus ardóidh sé mo cheann gan mhoill: os cionn mo naimhde atá i mo thimpeall.
7Ar an ábhar sin beidh ardlúcháir orm ag toirbhirt íobairte ina theach: beidh moladh an Tiarna á sheinm agus á rá agam.
8Éist le mo ghlór, a Thiarna, nuair a ghlaoim ort: bíodh trócaire agat dom agus tabhair cluas dom.
9Bhí mo chroí ag labhairt leat: Tagaigí ar thuairisc mo ghnúise; ar thuairisc do ghnúise, a Thiarna, thiocfas mé.
10Ná ceil do ghnúis orm: ná bíodh olc agat do do sheirbhíseach agus ná díbir é.
11Ba tú mo chabhair: ná fág mé agus ná déan mo thréigean, a Dhia mo shlánaithe.
12Nuair a thréigeas mʼathair agus mo mháthair mé: glacann an Tiarna liom.
13Múin do shlí dom, a Thiarna: agus déan eolas dom ar an mbealach cheart, de bharr mo naimhde.
14Ná lig do mo naimhde a rogha rud a dhéanamh liom: óir dʼéirigh fianaisí bréige agus lucht na mionn éitigh im éadan.
15Bhain mé deireadh dúile de dhóchas: murab é go gcreidim go bhfeice mé maitheas an Tiarna i bhfírinne agus mé ar thalamh na mbeo.
16Fan chomh fada agus is áil leis an Tiarna: glac ina mhórmhisneach é, agus neartóidh sé le do chroí; agus cuir do dhóchas sa Tiarna.

Currently Selected:

Na Sailm 27: OC1965

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in