YouVersion Logo
Search Icon

Rómhánaigh 8

8
Tá Beatha an Fhíréin faoi Threoir an Spioraid
1Níl aon daorbhreith anois, mar sin, ar an muintir atá in Íosa Críost, 2mar tá dlí Spiorad na beatha in Íosa Críost tar éis tú a fhuascailt ó dhlí an pheaca agus an bháis. 3An ní nárbh fhéidir don dlí a dhéanamh mar gur fhág an cholainn gan feidhm é, rinne Dia é i dtaobh an pheaca nuair a sheol sé uaidh a Mhac féin i riocht cholainn an pheaca, agus gur thug sé daorbhreith ar an bpeaca sa cholainn 4i dtreo go bhféadfaí dualgais an dlí a chomh-líonadh ionainn nuair nach faoi réir na colainne a mhairimid ach faoi réir an Spioraid. 5Iad sin a mhaireann faoi réir na colainne is ar nithe collaí a bhíonn a n-aird, ach iad sin a mhaireann faoi réir an Spioraid is ar nithe spioradálta a bhíonn a n-airdsean.
6Gabhann an bás leis an meon collaí ach is beatha agus síocháin a ghabhann leis an meon spioradálta. 7Is namhaid do Dhia an meon collaí mar nach ngéilleann sé do dhlí Dé agus nach féidir dó é; 8agus na daoine, atá faoi réir na colainne ní féidir dóibh Dia a shásamh. 9Ní faoi réir na colainne atá sibh-se, áfach, ach faoi réir an Spioraid más rud é go bhfuil Spiorad Dé lonnaithe ionaibh. Má tá duine gan Spiorad Chríost aige ní le Críost é. 10Ach má tá Críost ionaibh, más marbh féin bhur gcorp de bharr an pheaca, is beo bhur spiorad de bharr na fíréantachta. 11Go deimhin má bhíonn Spiorad an té a thóg Críost ó mhairbh lonnaithe ionaibh, déanfaidh an té sin a thóg Críost ó mhairbh bhur gcorp básmhar a bheoú trína Spiorad atá lonnaithe ionaibh. 12Ar an ábhar sin, a bhráithre, níl aon cheangal ag an gcolainn orainn go mairfimis dá réir. 13Más faoi réir na colainne a mhaireann sibh tá an bás i ndán daoibh; ach má bhásaíonn sibh gníomhartha na colainne le cúnamh an Spioraid, mairfidh sibh beo.
Clann Dé
14Mar an mhuintir a mbíonn Spiorad Dé dá dtreorú is clann ag Dia iad. 15Óir, an spiorad a fuair sibh ní hé spiorad na daoirse é chun eagla a chur oraibh athuair ach spiorad na clainne trína nglaoimid ‘Abba! Athair.’ 16Dearbhaíonn an Spiorad féin dár spioradna gur clann Dé sinn; 17agus, más clann sinn, is oidhrí sinn chomh maith, oidhrí Dé agus comhoidhrí le Críost, ós rud é go bhfuilimid páirteach leis ina pháis, le hionchas a bheith páirteach leis ina ghlóir chomh maith.
An Dúlra féin ag Súil le Fuascailt
18Measaim nach fiú le háireamh pianta na huaire seo le hais na glóire atá le foilsiú dúinn. 19Mar tá an dúlra féin ag tnúth go díocasach le foilsiú chlann Dé. 20Cuireadh an dúlra freisin ó rath, ní dá dheoin féin ach mar gheall ar an té úd a chuir ó rath é, ach i ndóchas; 21mar fuasclófar an dúlra féin ó dhaoirse na truaillitheachta, chun saoirse ghlórmhar chlann Dé. 22Is eol dúinn go raibh an chruthaitheacht go léir le chéile go dtí anois ag cneadach le tinneas mar a bheadh sí ar a leaba luí seoil.
Ár nDóchas Féin
23Agus ní hé an dúlra amháin atá amhlaidh ach sinne féin chomh maith; cé go bhfuil céadtorthaí an Spioraid againn cheana féin, táimidne ag cneadach freisin inár gcroí istigh agus sinn ag feitheamh le go ndéanfar clann dínn, agus go mbeidh ár gcorp fuascailte. 24Le dóchas a slánaíodh sinn. Ach an dóchas a fheictear ní dóchas é feasta, mar conas a bheadh duine ag tnúth le rud a bheadh ina fhianaise? 25Ach ó táimidne ag súil le rud nach bhfeicimid táimid ag feitheamh go foighneach. 26Ar an gcuma chéanna tagann an Spiorad i gcabhair orainn inár laige. Mar ní heol dúinn conas an ghuí féin a dhéanamh mar is cóir ach déanann an Spiorad idir-ghuí ar ár son le hosnaí nach féidir a chur i bhfocail, 27agus an té úd a chíorann na croíthe, tuigeann sé cad is áil leis an Spiorad agus gur de réir thoil Dé a dhéanann sé achainí ar son na naomh.
28Tá a fhios againn chomh maith go gcomhoibríonn Dia san uile ní leo siúd a bhfuil grá acu dó agus a bhfuil glaoite aige orthu de réir a chomhairle. 29Mar na daoine a thogh sé roimh ré, cheap sé ó thús iad le bheith ina macasamhla dá Mhac féin sa tslí go mbeadh seisean ina chéad-ghin ar mhórán bráithre. 30Agus na daoine a bhí ceaptha ó thus aige is iad sin a ghlaoigh sé; agus na daoine a bhí glaoite aige is iad sin a dʼfhíréanaigh sé, agus na daoine a bhí fíréanaithe aige, is iad sin a ghlóirigh sé.
Iomann Molta Ghrá Dé
31Cad a déarfaimid faoin méid sin, más ea? Má tá Dia ar ár dtaobh, cé atá inár gcoinne? 32Nuair nár lig sé uaidh a mhac féin ach é a thabhairt suas ar mhaithe linne go léir, cén fáth nach mbronnfaidh sé gach grásta eile orainn ina theannta chomh maith? 33Agus cé a dhéanfaidh lucht tofa Dé a chúisiú? 34Nuair atá Dia dár saoradh, cé a dhéanfaidh ár ndaoradh? An é Críost a dhéanfaidh é, an té a fuair bás agus a tógadh ó mhairbh, atá fós ar dheis Dé agus atá ag idir-ghuí ar ár son? 35Cé a scarfaidh ó ghrá Chríost sinn? Trioblóid an ea, nó cruatan, nó géar-leanúint, nó gorta, nó nochtacht, nó guais, nó an claíomh féin? 36Mar atá scríofa:
“Ar do shon-sa táimid dár mbású ar feadh an lae;
táimid dár meas mar chaoirigh atá réidh lena gcoscairt.”
37Ach sna cúrsaí seo go léir, beirimid an bua go caith-réimeach tríd an té úd a thug grá dúinn. 38Mar táim cinnte dearfa de nach bhféadfaidh bás ná beatha, aingil ná prionsaí ná cumhachtaí, nithe atá ann anois ná nithe atá le teacht, 39an domhan thuas ná an domhan thíos, ná dúil chruthaithe ar bith eile sinn a scaradh ó ghrá Dé atá in Íosa Críost ár dTiarna.

Currently Selected:

Rómhánaigh 8: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in