YouVersion Logo
Search Icon

Rómhánaigh 7

7
Tá an Fíréan réidh leis an Dlí
1Nach bhfuil a fhios agaibh, a bhráithre–ag caint atáim le daoine atá eolach ar chúrsaí dlí–nach mbíonn duine faoi smacht an dlí ach fad is beo dó. 2An bhean phósta, cuir i gcás, bíonn sí ceangailte ag an dlí dá fear céile fad a mhaireann sé; ach má chailltear a fear bíonn sí saor ó dhlí a fir. 3Má ghabhann sí le fear eile, mar sin, fad is beo dá fear céile glaofar adhaltrach uirthi; ach má chailltear a fear bíonn sí saor ón dlí, sa tslí nach adhaltrach í má ghabhann sí leis an bhfear eile. 4Is é an dála céanna agaibh-se é, a bhráithre; fuair sibh bás mar leis an dlí trí chorp Chríost, chun go ngabhfadh sibh le fear céile eile, leis an té úd a tógadh ó mhairbh, agus gur do Dhia a thabharfaimis toradh. 5Mar fad a mhaireamar sa cholainn, bhíodh na hainmhianta peacúla úd a bhíonn dá gcothú ag an dlí go gníomhach inár mbaill bheatha ag tabhairt toraidh don bhás. 6Anois, áfach, ó tá bás faighte againn ó thaobh an ní úd a bhí dár gcoinneáil i ngéibheann, táimid fuascailte ón dlí chun seirbhís a dhéanamh faoi chóras nua an spioraid in ionad faoi sheanchóras an chóid scríofa.
An Dlí agus an Peaca
7Cad a déarfaimid mar sin? Gur peaca é an dlí? Ní hea ar chor ar bith. Mar sin féin ní chuirfinnse eolas ar an bpeaca murach an dlí. Ní thuigfinn cad is saint ann, ach go ndúirt an dlí “ná santaigh”. 8Ach rug an peaca ar an bhfaill agus trí bhíthin na haithne sin dʼoibrigh gach cineál sainte ionam; mar in éagmais an dlí bíonn an peaca gan bhrí. 9Lá den saol, in éagmais an dlí, bhí mise beo; ach ar theacht don aithne, bheoigh an peaca 10agus fuair mise bás. An aithne úd a ceapadh le bheith ina cúis bheatha dom is ina cúis bháis a bhí sí, 11mar gur rug an peaca ar an bhfaill agus trí bhíthin na haithne mheall agus mharaigh sé mé tríthi. 12Más ea, is rud naofa é an dlí agus is rud naofa í an aithne, rud cóir maith. 13An raibh rud maith ina chúis bháis dom, mar sin? Ní raibh ar chor ar bith, ach an peaca, i dtreo go mba léir gur pheaca é dáiríre, bhain sé feidhm as rud maith chun bás a imirt orm; agus sa tslí sin trí bhíthin na haithne, go n-éireodh an peaca peacúil thar na bearta.
An Choimhlint Chráite
14Tá a fhios againn gur rud spioradálta é an dlí; táim-se collaí, áfach, agus díolta leis an bpeaca. 15Go deimhin ní thuigim mo chuid iompair féin, mar ní hé an ní is áil liom a dhéanaim, ach an ní is fuath liom, is é a bhíonn ar siúl agam. 16Ach más é an ní nach áil liom a dhéanaim aontaím dá réir go bhfuil an dlí go fónta. 17Go deimhin féin ní mise a chuireann an beart i gcríoch feasta ach an peaca atá lonnaithe ionam. 18Tá a fhios agam nach aon ní ar fónamh atá lonnaithe ionam, is é sin le rá sa chuid chollaí díom, mar bíonn fonn an dea-ghnímh orm ach ní fhaighim ionam é a chur i gcríoch. 19An mhaith is áil liom ní dhéanaim í, ach an t-olc nach áil liom is é a dhéanaim.
20Ach más é an ní nach áil liom a dhéanaim ní mise a chuireann i gcríoch é feasta ach an peaca atá lonnaithe ionam. 21Aithním mar sin an prionsabal seo a bheith ann: nuair is áil liom an mhaith a dhéanamh is é an t-olc a bhíonn i mo ghaobhar.
22Mar is aoibhinn liom dlí Dé i mo chroí istigh 23ach tugaim dlí eile faoi deara i mo bhaill bheatha agus é i ngleic leis an dlí atá i mʼaigne agus ag déanamh cime díom ag dlí an pheaca atá lonnaithe i mo bhaill. 24Ó, nach mise an díol trua! Cé a fhuasclóidh ón trú seo coirp mé? 25A bhuí le Dia go bhfuasclófar mé trí Íosa Críost ár dTiarna. Má fhágtar fúm féin mé, mar sin, is amhlaidh a bhím ag fónamh do dhlí Dé le mʼaigne agus ag fónamh do dhlí an pheaca le mo cholainn.

Currently Selected:

Rómhánaigh 7: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in