Rómhánaigh 9
9
Pribhléidí Iosrael
1Táim ag insint na fírinne i gCríost, agus tá mo choinsias dá dhearbhú dom sa Spiorad Naomh, nach aon bhréag dom a rá 2go bhfuil dólás mór orm agus arraing gan staonadh i mo chroí. 3Níor mhiste liom a bheith faoi mhallacht agus dealaithe ó Chríost ar son bhráithre mo chine féin, de réir na colainne. 4Iosraelaigh is ea iad; is leo-san a bheith ina gclann Dé; is leo an ghlóir, na conarthaí, an reacht, an liotúirge agus na gealltanais; 5is leo na patrarcaí, agus is díobh an Críost de réir na colainne–an té atá ina Dhia ar an uile ní, moladh go deo leis. Áiméan.
Dílse Dé
6Ní hamhlaidh atá teipthe ar bhriathar Dé, mar ní Iosraelach an uile dhuine de shliocht Iosrael, 7ná ní hiad clann Abrahám iad uile toisc gur dá shliocht iad. Ní hea sin, ach mar a deir an scrioptúr: “Is trí Íosác a ainmneofar sliocht duit.” 8Is é sin le rá, ní hiad clann na feola atá ina gclann Dé; ní áirítear ina shliocht dó ach an chlann a rugadh de réir an ghealltanais. 9Mar is iad seo focail an ghealltanais: “Tiocfaidh mé um an dtaca seo arís agus beidh mac ag Sárá.” 10Agus ní hé sin amháin é ach i gcás Ribeacá freisin: ghabh sise clann ó aon fhear amháin, ónár sinsear Íosác, 11ach sular rugadh iad agus sula raibh aon ní olc maith déanta fós acu, 12dúradh léi: “Beidh an sinsear ag seirbhís don sóisear,” ionas go mbeadh beartas roghnaithe Dé buan agus nach ag brath ar ghníomhartha daoine a bheadh sé ach ar an té a ghlaonn, 13de réir mar atá scríofa: “Thugas grá dʼIacób, agus fuath dʼÉasáú.”
Ní Dhéanann Dia Éagóir ar aon Duine
14Cad a déarfaimid mar sin? Go bhfuil éagóir ag baint le Dia, an ea? 15Ní hea ar chor ar bith, mar féach cad a dúirt sé le Maois: “Déanfaidh mé trócaire ar mo rogha duine agus déanfaidh mé trua don duine is rogha liom chomh maith.” 16Ní rud é, mar sin, atá ag brath ar thoil an duine ná ar a chuid iarrachtaí ach ar thrócaire Dé. 17Arís sa scrioptúr deir sé le Faró: “Is chuige seo go díreach a dʼardaigh mé thú chun feidhm a bhaint asat le mo chumhacht a thaispeáint agus mʼainm a fhógairt ar fud an domhain go léir.” 18Dá réir sin déanann sé trócaire ar an duine is rogha leis agus cruann sé an croí ina rogha duine chomh maith. 19Déarfaidh tú liom, ní foláir: “Cad é an gearán atá aige ar dhaoine, más ea, mar cé a fhéadfaidh cur in aghaidh a thola?” 20Arú, cé hé thusa, a dhuine, le bheith tagrach le Dia? An ndéarfaidh an pota leis an bpotadóir: “Cad ab áil leat mé a dhéanamh mar seo?” 21An amhlaidh nach bhfuil dʼúdarás ag an gcriadóir ar an gcré áras chun onóra agus áras chun neamhonóra a dhéanamh den chnapán céanna? 22Agus, nuair ab áil le Dia a chuid feirge a thaispeáint agus a chuid cumhachta a léiriú, má chuir sé suas go fada foighneach leis na hárais a bhí ina ndíol feirge agus iad ar bhealach a mbasctha, 23dʼfhonn saibhreas a ghlóire a léiriú do na hárais a bhí ina ndíol trócaire agus a bhí ullamh ó thús aige le haghaidh na glóire sin? 24Mar is sinne a ghlaoigh sé ní as measc na nGiúdach amháin ach as measc na ngintlithe chomh maith.
An Tuar Faoin Tairngreacht
25Mar a deir sé i Leabhar Hóisé:
“Glaofaidh mé ‘mo phobal féin’ ar phobal nach liom,
Agus ‘mo mhuirnín’ uirthi siúd nach muirneach liom,
26Agus san áit a ndúradh leo: Ní haon phobal liom-sa sibh,
Glaofar clann Dé bheo orthu ansiúd.”
27Agus fógraíonn Íseáia faoi Iosrael: “Bíodh clann Iosrael chomh líonmhar le gaineamh na trá, ní shlánófar ach a bhfuíoll, 28mar go nglanfaidh an Tiarna an scór leis an tír go hachomair agus go cinnte.” 29Agus mar a thairngir Íseáia: “Ach gur fhág Tiarna na slua sliocht againn bheimis ar nós Shodam agus ar chuma Ghomóra.”
30Cad a déarfaimid mar sin? An méid seo: na gintlithe nach raibh aon tóir ar fhíréantacht acu, bhain siad amach í, an fhíréantacht a thagann ó chreideamh. 31Iosrael, áfach, a bhí ag tóraíocht dlí fíréantachta, níor tháinig siad suas leis an dlí sin. 32Agus cad é an fáth? De bhrí nach ar chreideamh a bhí siad ag brath ach ar ghníomhartha. Bhuail siad a gcos faoin gceap tuisle 33mar atá scríofa: “Féach, tá ceap tuisle agus carraig oilbhéime dá leagan agam i Síón; ach an té a chreideann ann, ní bheidh díomá air.”
Currently Selected:
Rómhánaigh 9: ABN2012
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.