YouVersion Logo
Search Icon

Salm 34

34
Eagla Dé
1 [Salm de chuid] Dáiví nuair a lig sé air bheith as a mheabhair i bhfianaise Aibímeilic nuair a chuir seisean an ruaig air.
2Beannóidh mé an Tiarna i dtólamh
beidh a mholadh i mo bhéal i gcónaí.
3Bíonn mʼanam ag déanamh mórtais as an Tiarna:
éistfidh daoine ísle agus beidh áthas orthu.
4Móraigí an Tiarna mar aon liom:
tugaimis adhradh dá ainm in éineacht.
5 Bhí mé ag lorg an Tiarna agus dʼéist sé liom
agus dʼfhuascail sé ó mʼeagla go léir mé.
6Féachaigí chuige agus loinnir oraibh
ʼs na bíodh luisne na náire in bhur leicne.
7Nuair a scairt an t‑ainniseoir seo dʼéist an Tiarna,
agus shaor sé óna chúngaigh go léir é.
8Bíonn aingeal an Tiarna i gcampa
thart ar lucht a eaglaithe, dá bhfuascailt.
9Blaisigí is féachaigí a fheabhas atá an Tiarna:
is aoibhinn dá dtagann faoina dhídean.
10A dhaoine naofa an Tiarna, bíodh a eagla oraibh;
ní bhíonn díth ar an dream lenarb eagal é.
11Bíonn easpa agus ocras ar leoin óga:
ní bhíonn aon easpa ar lucht iarrtha an Tiarna.
12Téanaigí, a chlann ó, agus éistigí liom
go múinfidh mé eagla an Tiarna daoibh.
13Cé hé an duine a shantaíonn an bheatha?
agus fad saoil faoi shéan is faoi shonas?
14Coinnigh do theanga ón olc
agus do bhéal ó bhriathra éithigh.
15Seachain an t‑olc agus déan an mhaith;
bí ag lorg na síochána agus lean di.
16Bíonn súile an Tiarna ar na fíréin
agus tugann sé aird ar a n‑achainí.
17Iompaíonn an Tiarna ó lucht déanta an oilc
dʼfhonn a gcuimhne a scriosadh den talamh.
18Éisteann an Tiarna nuair a ghlaonn na fíréin air:
fuasclaíonn sé óna gcúngaigh go léir iad.
19Bíonn an Tiarna i ngar don lucht coscartha
agus tarrthaíonn sé an dream atá do-mheanmnach.
20Is iomaí sin buairt ar an bhfíréan,
ach fuasclaíonn an Tiarna orthu uile é;
21cosnaíonn sé a chnámha go léir;
ní bhrisfear a oiread is aon cheann amháin acu.
22Tiománfaidh an t‑olc an t‑éagráifeach chun a bháis,
agus daorfar lucht fuatha an fhíréin.
23Fuasclaíonn an Tiarna anamacha a shearbhóntaí:
ní dhaorfar a dtéann faoina choimirce.

Currently Selected:

Salm 34: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in