YouVersion Logo
Search Icon

Salm 35

35
Urnaí in Aghaidh an Namhad
1 [Salm le] Dáiví.
1 Tagair mo chúis, a Thiarna, in aghaidh mo naimhde:
cuir cath ar a mbíonn ag troid liom.
2Gabh chugat do sciath agus do lúireach,
agus éirigh do mo chúnamh.
3Beartaigh an ga agus [an tsleá]
in aghaidh lucht mo thóraíochta.
Abair le mʼanam, a Thiarna:
“Is mise do shlánú.”
4Go dtugtar náire agus tarcaisne ar an dream
atá ar tí mo mharaithe.
Go gcuirtear ar gcúl faoi náire
lucht beartaithe oilc i mʼaghaidh.
5Go gcuire aingeal an Tiarna an ruaig orthu
amhail cáith roimh an ngaoth;
6go raibh a slí go sleamhain dúdhorcha
agus aingeal Dé ar a dtí.
7Leathadar a líon dom gan chúis:
rinneadar uaigh dom gan ábhar.
8Go dtaga orthu díothú gan choinne;
go gceaptar iad féin
sa líon a chuir siad i bhfolach romham.
Go dtite siad sa chlais.
9Déanfaidh mʼanam-sa lúcháir sa Tiarna:
déanfaidh mé gairdeas ina shlánú.
10Déarfaidh mé ó mo chroí go hiomlán:
“Cé is cosúil leat, a Thiarna,
an té a tharrthaíonn an truán ón tréan-fhear,
an duine dealbh ón tíoránach?”
11Éiríonn finnéithe bréige i mʼéadan
do mo cheistiú ach mé aineolach.
12Díolann siad an t‑olc in aghaidh na maithe liom:
tá mʼanam go brónach.
13Nuair a bhíodar-san breoite chuir mé sac-éadach orm;
chiapas mʼanam le troscadh.
Bhínn ag guí ó mo chroí orthu mar a ghuífinn
14ar dheartháir liom nó cara;
mar dhuine a bheadh ag caoineadh a mháthar,
bhí mé crom le cumha.
15Ach anois, ó tá mé san fhaopach
cruinníonn siad faoi áthas.
Tagann siad gan a fhios orm, do mo bhualadh,
ʼs iad ag tromaíocht gan scíth orm.
16Bíonn siad ag magadh fúm gan stad gan staonadh,
is a bhfiacla ag díoscán i mʼaghaidh.
17Cá fhad a bheidh tú ag amharc orthu, a Thiarna?
Tar agus fóir orm!
Déan mʼanam a fhuascailt óna n‑ionsaithe;
mʼanam ó na leoin.
18Tabharfaidh mé buíochas duit sa mhórdháil;
molfaidh mé thú sa slua.
19An dream atá ina naimhde gan chúis dom,
nár dhéana siad gairdeas umam.
Agus an dream a thugann fuath dom gan fáth,
nár chaocha siad a súile orm.
20Is fuath leo muintir shuaimhneach na tíre:
cumann siad cealg ina n‑aghaidh.
21Deir siad, agus a mbéal ar leathadh acu:
“Há, há! Nach bhfacamar féin é!”
22Chonaic tusa é, a Thiarna; ná bí i do thost;
ná bí i bhfad uaim, a Thiarna!
23Múscail! agus brostaigh chun mo chosanta
a Dhia liom; a Thiarna bí liom.
24Tabhair breith orm de réir do chirt, a Thiarna;
ná maídís a mbua orm, a Dhia.
25Ná smaoinidís ina gcroí: “Tá buaite againn!”
Ná habraidís: “Shlogamar siar é!”
26An dream lenarb áil mo dhochar,
go raibh náire is míchlú orthu!
Go gclúdaítear le heasonóir is le haithis
lucht maíte i mʼéadan.
27Bíodh gliondar agus gairdeas ar lucht mo pháirte,
agus abraidís gan sos:
“Moladh leis an Tiarna lenarb áil
sonas a sheirbhísigh!”
28Agus foilseoidh mo theanga dʼfhíréantacht
agus do mholadh ar feadh an lae.

Currently Selected:

Salm 35: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Free Reading Plans and Devotionals related to Salm 35

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy