YouVersion Logo
Search Icon

Salm 33

33
Ina Moltar Deonú Dé
1Déanaigí gairdeas sa Tiarna, a fhíréana:
is cóir moladh a thabhairt do dhaoine ionraice.
2Gabhaigí buíochas leis an Tiarna ar an gcruit;
déanaigí ceol dó ar an gcláirseach dheichthéadach.
3Canaigí amhrán urnua dó;
canaigí go healaíonta is go hardghlórach dó.
4Óir is dílis é briathar an Tiarna,
agus is fírinneach a oibreacha go léir.
5Carann sé an chóir agus an ceart
agus líonann sé an talamh dá bhuan-ghrá.
6Lena bhriathar a rinneadh na flaithis:
le hanáil a bhéil na realtaí go léir.
7Cruinníonn sé tonnta na mara mar a bheadh i mbuidéal,
agus cuireann an dubhaigéan i dtaisce.
8Bíodh eagla an Tiarna ar an domhan uile;
bíodh urraim ag a maireann ar talamh dó.
9Labhair sé agus rinneadh gach aon ní.
Dʼordaigh sé agus ráinig siad ann.
10Cuireann sé comhairle na gciníocha ó rath
agus beartas na náisiún ar neamhní.
11Maireann comhairle an Tiarna go brách
agus a smaointe ó aois go haois.
12Is méanar don chine arb é an Tiarna a nDia:
an cine a roghnaigh sé mar oidhreacht dó féin.
13Bíonn an Tiarna ag féachaint anuas ó neamh
agus breathnaíonn sé an Ádhamhchlann go léir.
14Amharcann sé óna ionad cónaithe
ar gach aon neach dá maireann ar talamh–
15an té a chum a gcroithe go léir
agus a thugann a mbearta go léir dá aire.
16Ní neart a shlua a thugann bua do rí;
ní le teann nirt a tharrthaítear an laoch.
17Ní hé an t‑each a bhéarfaidh an bua;
ní acmhainn dá neart neach ar bith a shaoradh.
18Féachann an Tiarna ar an dream lenarb eagal é
agus a chuireann a ndóchas ina bhuan-ghrá,
19chun a n‑anam a shaoradh ón mbás
agus iad a bheathú le linn gorta.
20Bíonn ár n‑anam ag feitheamh leis an Tiarna;
is é siúd ar gcabhair agus ár sciath;
21is ann a ghairdíonn ár gcroí,
is iontaoibh linn a ainm naofa.
22Go dtaga do bhuan-ghrá orainn, a Thiarna,
de réir an dóchais a chuirimid ionat.

Currently Selected:

Salm 33: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in