YouVersion Logo
Search Icon

1 Corantaigh 3

3
Comhoibrithe Dé
1I dtaca liom féin de, a bhráithre, níorbh fhéidir dom labhairt libh mar dhaoine spioradálta ach mar dhaoine collaí, mar naíonáin i gCríost. 2Is bainne a thug mé daoibh le hól in áit an bhia thirim toisc nach raibh sibh in inmhe; go deimhin níl sibh in inmhe fós féin 3de bhrí go bhfuil sibh collaí go fóill. Fad atá éad agus achrann eadraibh nach daoine collaí atá ionaibh agus sibh do bhur n-iompar féin de réir ghnás an tsaoil? 4Nuair a bhíonn “leanaimse Pól” ag duine agus “leanaimse Apallós” ag duine eile nach de ghnáthmhuintir an tsaoil sibh? 5Céard é Apallós nó céard é Pól? Níl iontu ach na seirbhísigh trínar chreid sibh, gach duine acu mar a dháil an Tiarna air: 6mise a chuir an síol, Apallós a chuir an t-uisce leis ach is é Dia a chuir ag fás é. 7Ní hiad an síoladóir, mar sin, ná an t-uiscitheoir, ar fiú iad aon ní ach Dia amháin, a chuireann an síol ag fás. 8Is é an dá mhar a chéile iad an síoladóir agus an t-uiscitheoir ach cúiteofar a shaothar féin le gach duine acu.
9Comhoibrithe le Dia atá ionainne agus gort Dé, foirgneamh Dé, is ea sibh-se . 10De réir an ghrásta a thug Dia dom, leag mise an bhunsraith mar a dhéanfadh an t-ardsaor oilte agus fear eile atá ag tógáil uirthi. Faireadh gach duine a chuid tógála féin, áfach, 11mar ní féidir dʼaon duine bunsraith eile a leagan ach an ceann atá thíos cheana féin, agus is é Íosa Críost an bhunsraith sin. 12Cibé duine a dhéanfaidh tógáil ar an mbunsraith sin, úsáideadh sé ór, airgead nó clocha lómhara, adhmad, féar nó tuí, 13beidh saothar cách soiléir le feiceáil; mar nochtfaidh an Lá é; mar nochtfar é sa lasair agus tástálfaidh an lasair cén sórt oibre a bheidh déanta ag cách. 14Má sheasann saothar tógála duine an triail, gheobhaidh sé a thuarastal; 15ach má loisctear saothar duine, fágfar gan díol é; tiocfaidh sé féin slán, áfach, mar dhuine a bheadh gafa trí thine.
16Nach dtuigeann sibh, a bhráithre, gur sibh teampall Dé agus go bhfuil Spiorad Dé ina chónaí ionaibh. 17Duine ar bith a mhilleann teampall Dé, millfidh Dia eisean, mar is naofa é teampall Dé–agus is sibh-se an teampall sin. 18Ná bíodh aon dul amú ar aon duine; aon duine agaibh a áiríonn é féin a bheith eagnaí de réir ghnás an tsaoil seo, bíodh sé ina amadán le go mbeadh sé eagnaí dáiríre. 19Mar níl in eagna an tsaoil seo ach díth céille i bhfianaise Dé, mar tá scríofa: “Sáinníonn sé na saoithe ina gcuid glicis féin”; 20agus arís: “Is eol don Tiarna smaointe na saoithe a bheith baoth.” 21Dá réir sin, ná bíodh duine ar bith ag déanamh mórtais as daoine, mar is libh-se an t-iomlán: 22Pól agus Apallós agus Céafas, an domhan, an bheatha agus an bás, a bhfuil ann agus a bhfuil le teacht–is libh-se iad uile, 23agus is le Críost sibh-se agus is le Dia Críost.

Currently Selected:

1 Corantaigh 3: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in