YouVersion Logo
Search Icon

1 Corantaigh 4

4
Gnó an Aspail
1Tuigeadh daoine gurb é atá ionainne, seirbhísigh do Chríost agus maoir ar rúndiamhara Dé. 2Éilítear ansin ar na maoir duine a bheith dílis. 3Is róchuma liom-sa, más ea, sibh-se nó cúirt daoine ar bith a thabhairt breithe orm. Go deimhin ní thugaim féin breith orm féin 4mar siúd is go bhfuil coinsias glan agam ní fhágann sin neamh-chiontach mé. Is é an Tiarna féin a thugann breith orm-sa. 5Ná bígíse, dá bhrí sin, ag tabhairt breithe roimh ré, nó go dtiocfaidh an Tiarna agus tabharfaidh seisean chun solais na nithe atá folaithe sa dorchadas agus nochtfaidh sé rúin na gcroithe, agus ansin gheobhaidh cách a mholadh ó Dhia.
6Thagair mé na nithe seo dom féin agus dʼApallós, a bhráithre, ar mhaithe libh-se, i dtreo go bhfoghlaimeodh sibh ónár gcásna gan a bheith ag dul thar cailc, agus gan duine a bheith ag déanamh mórtais as duine amháin i gcoinne duine eile. 7Cé a thugann an seasamh ar leith duit-se? Céard atá agat nach bhfuair tú? Agus más amhlaidh a fuair tú é, cad ab áil leat a bheith ag maíomh as faoi mar nach bhfuair tú é.
8Is ea, tá sibh sásta anois; tá sibh saibhir; tá rí agus rath oraibh dár mbuíochasna! Is trua liom gan an rath a bheith oraibh dáiríre ionas go mbeimisne i réim i bpáirt libh. 9Mar is dóigh liom go bhfuilimidne, aspail, curtha ar taispeáint ag Dia in eireaball thiar na caith-réime mar chimí a mbeadh an bás i ndán dóibh, mar gur sampla saolta sinn os comhair aingeal agus daoine. 10Is amadáin sinne ar son Chríost fad atá sibh-se stuama i gCríost. Táimidne lag agus tá sibh-se láidir; tá sibh-se faoi mheas agus tá droch-mheas orainne. 11Go dtí an uair seo féin tá ocras agus tart agus easpa éadaigh orainn; bítear ag gabháil de dhoirne orainn agus gan teach ná treibh againn. 12Bímid ag obair agus ag luain lenár lámha féin. Nuair a cháintear sinn, guímid beannacht; nuair a dhéantar géar-leanúint orainn fulaingímid leis; 13nuair a mhaslaítear sinn tugaimid an freagra séimh. Níl ionainn go dtí anois féin ach dríodar an tsaoil agus dramhaíl an uile ní.
14Ní ag iarraidh sibh a náiriú atáim ag scríobh na nithe seo ach ag tabhairt comhairle bhur leasa daoibh mar gur sibh-se mo chlann mhuirneach féin. 15Bíodh na mílte treoraí agaibh i gCríost, níl mórán aithreacha agaibh mar gur mise a ghin sibh in Íosa Críost tríd an dea-scéal. 16Impím oraibh dá bhrí sin aithris a dhéanamh orm. 17Is chuige sin atáim ag cur Thiomóid chugaibh: is é mo mhac muirneach dílis é sa Tiarna agus cuirfidh sé i gcuimhne daoibh mo bhealaí i gCríost a bhíonn agam dá bhfógairt i ngach eaglais ar fud an bhaill.
18Tá cuid agaibh éirithe mórchúiseach faoi mar nach mbeinn ag teacht chugaibh ar chor ar bith. 19Beidh mé chugaibh gan mhoill áfach le cúnamh Dé agus is é éifeacht lucht na mórchúise a bhraithfidh mé ansin agus ní hea a gcuid cainte. 20Mar ní sa chaint atá Ríocht Dé suite ach san éifeacht. 21Cé acu is rogha libh, mar sin, mé a theacht chugaibh le slat nó mé a theacht le grá agus le spiorad na séimhe?

Currently Selected:

1 Corantaigh 4: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in