1 Corantaigh 2
2
Críost na Croise
1I dtaca liom-sa, a bhráithre, nuair a tháinig mé chugaibh, níor tháinig mé ag fógairt rúndiamhair Dé le hardnós cainte ná eagna. 2Shocraigh mé i mʼaigne fad a bheinn in bhur measc gan aon ní eile a aithint ach Íosa Críost agus eisean arna chéasadh. 3Is mé a bhí go lagbhríoch in bhur measc agus mé lán dʼuamhan agus dʼeagla. 4Agus ní ar bhriathra mealltacha na heagna daonna a bhí mo scéal agus mʼfhógra ag brath ach ar fhoilsiú an Spioraid agus na cumhachta, 5i dtreo nach ar eagna dhaonna a bheadh bhur gcreideamhsa bunaithe ach ar chumhacht Dé.
An Eagna Dhiaga
6Ach labhraímidne eagna i measc na muintire atá tagtha in inmhe, ach ní hí eagna an tsaoil seo í ná eagna lucht ceannais an tsaoil seo, dream atá ag imeacht as. 7Is í eagna rúnda Dé atá i gceist againne, an eagna a bhí folaithe ó dhaoine ach a bhí ceaptha ag Dia roimh thús aimsire chun glóir a thabhairt dúinne. 8Ní raibh fios na heagna seo ag duine ar bith de cheannairí an tsaoil seo mar dá mbeadh a fhios acu í ní chéasfaidís Tiarna na glóire ar an gcros. 9Mar atá scríofa:
“Nithe nach bhfaca súil iad agus nár chuala cluas iad,
nithe nár smaoinigh an duine orthu ina aigne,
is iad atá ullamh ag Dia dóibh siúd a bheir grá dó.”
10Is dúinne a nocht Dia na nithe seo le cabhair an Spioraid. Scrúdaíonn an Spiorad gach uile ní, fiú duibheagáin Dé féin. 11Cé a thuigeann cúrsaí an duine ach spiorad an duine féin istigh ann? Ar an gcuma chéanna níl aon duine a thuigeann cúrsaí Dé ach Spiorad Dé. 12Ní hé spiorad an tsaoil seo atá faighte againne ach an Spiorad a sheol Dia chun go dtuigfimis na nithe atá bronnta orainn ag Dia. 13Agus ní i mbriathra na heagna daonna a chuirimid síos ar na nithe sin ach i mbriathra a mhúin an Spiorad dúinn nuair a bhímid ag míniú chúrsaí an spioraid dóibh siúd a bhfuil an Spiorad iontu. 14An duine nádúrtha, ní ghlacann sé leis na nithe a bhaineann le Spiorad Dé; is díth céille leis iad agus ní féidir dó iad a thuiscint mar is de réir an Spioraid nach foláir iad a mheas. 15Ach an duine spioradálta, féadann seisean gach ní a mheas ach ní féidir dʼaon duine eisean a mheas. 16Óir “cé a thuigeann aigne an Tiarna? Nó cé a thabharfaidh comhairle dó?” Tá aigne Chríost againne, áfach.
Currently Selected:
1 Corantaigh 2: ABN2012
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.