YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 4

4
1Agus d’fhill Íosa, lán de’n Spiorad Naomh, ar ais ó Iórnán, agus do threornuigh an Spiorad sa bhfásach é, 2ar feadh dá fhicid lá, agus an diabhal ag cur cathuighthe air. Agus níor ith sé éinnidh i n‐imtheacht na laetheanta sin, agus nuair do bhí deireadh leo, do bhí ocras air. 3Agus adubhairt an diabhal leis, Má’s tú Mac Dé, abair leis an gcloich seo go ndéantar arán dí. 4Agus d’fhreagair Íosa é, Atá scríobhtha, Ní h‐ar arán amháin mhairfeas an duine. 5Agus do threoruigh sé i n‐áirde é, agus do thaisbeán sé dhó ríoghachta an domhain go léir, i n‐aon mhóimeint amháin. 6Agus adubhairt an diabhal leis, Do‐bhéarfad duit‐se an chumhacht uile sin, agus a mórdhacht: óir tugadh damh‐sa é; agus tig liom a bhronnadh ar an té is rogha liom. 7D’á bhrigh sin, má adhrann tú rómham‐sa, is leat‐sa an t‐iomlán. 8Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis, Atá scríobhtha, Adharfaidh tú an Tighearna, do Dhia, agus is dó‐san amháin dhéanfasse tú irbhís. 9Annsin do threoruigh sé go h‐Iarúsalem é, agus do chuir sé ar bhinn an teampaill é, agus adubhairt sé leis, Má’s tú Mac Dé, caith thú féin as so le fánaidh síos; 10óir atá scríobhtha,
Do‐bhéarfaidh sé órdú d’á ainglibh id’ thaobh, go gcumhdóchaidís thú:
11agus,
Tógfaid ar a lámhaibh thú,
Ar eagla go mbuailfeá do chos, am ar bith, i gcoinnibh cloiche.
12Agus d’fhreagair Íosa, agus adubhairt sé leis, Atá ráidhte, Ní dhéanfair fromhadh ar an Tighearna, do Dhia.
13Agus nuair do bhí gach cathú críochnuighthe ag an diabhal, d’imthigh sé uaidh ar feadh tamaill.
14Agus tháinig Íosa ar ais, i gcumhacht an Spioraid, do’n Ghalilé: agus do leath a chlú ar fud na tíre uile sin, má gcuaird. 15Agus bhíodh sé ag teagasc ins na sionagógaibh, agus na daoine go léir g‐á mholadh.
16Agus tháinig sé go Nasair, mar ar h‐oileadh é, agus do chuaidh sé, mar ba ghnáth leis, lá na sabóide, isteach sa tsionagóig, agus d’éirigh sé ’n‐a sheasamh chum léightheoireacht do dhéanamh. 17Agus tugadh dhó leabhar Ésáias, fáidh. Agus d’fhoscail sé an leabhar, agus fuair sé an áit ’n‐a bhfuil scríobhtha,
18Ata Spiorad an Tighearna orm,
De bhrigh gur ong sé mé chum déigh‐scéala do chraobhscaoileadh do na bochtaibh:
Do chuir sé uaidh mé chum fuascailt d’fhógairt do na braighdeánaibh,
Agus radharc do na dallaibh,
Chum saoirse do thabhairt dóibh‐sean atá brúighte,
19Chum bliadhna fábhair an Tighearna d’fhógairt.
20Agus do dhún sé an leabhar, agus thug sé ar ais do’n fhreastalaidhe é, agus do shuidh sé síos: agus do bhí súile a raibh sa teampall ag féachain go géar air. 21Agus do thosnuigh sé ar a rádh leo, Atá an scrioptúir cóimhlíonta indiu i n‐bhúr gcluasaibhse. 22Agus thugadar go léir an‐aire dhó, agus do‐rinneadar iongnadh de ghrás na mbriathar tháinig ó n‐a bhéal; agus adubhradar, Nach é mac Sheosaimh é seo? 23Agus adubhairt seisean leo, Adéarfaidh sibh liom, gan amhras, an sean‐fhocal so, A liaigh, leigheas thú féin: na neithe do‐chualamar do‐rinnis i gCafarnaúm, déan annso id’ dhúthaigh féin iad, leis. 24Agus adubhairt sé, Ní glactar le fáidh ar bith ’n‐a dhúthaigh féin. 25Acht adeirim libh le fírinne, gurbh iomdha baintreabhach do bhí i nIsrael i laethibh Éliais, an tráth ’n‐a raibh an spéir dúnta ar feadh trí bliadhan agus sé mí, an tráth ’n‐a raibh gorta mhór sa tír ar fad; 26acht ní chum aoinne aca‐san do cuireadh Élias, acht amháin chum mná do bhí ’n‐a baintreabhaigh i Sarepta na Sídóine. 27Agus is iomdha lobhar do bhí i nIsrael le linn Éliséus fáidh; agus níor glanadh soinne aca, acht amháin Naaman an Siriach. 28Agus do líonadh a raibh sa tsionagóig d’fheirg, ag éisteacht leis na briathraibh sin dóib; 29agus d’éirigheadar, agus do ruaigeadar as an gcathair amach é, agus do rugadar leo é go malaidh an chnuic ar a raibh a gcathair suidhte, d’fhonn a chaitheamh le fánaidh síos. 30Acht do ghabh sé tré n‐a lár agus d’imthigh sé ar a bhóthar.
31Agus do‐chuaidh sé síos go Cafarnaúm, cathair atá sa nGalilé. Agus do bhí sé ag teagasc na ndaoine, lá na sabóide; 32agus do‐rinneadar iongnadh d’á theagasc, de bhrigh gur labhair sé as cainnt ughdarásaigh. 33Agus do bhí duine sa tsionagóig ’n‐a raibh spioraid deamhain neamh‐ghlain; agus do ghlaodh sé amach de ghuth árd, 34Caidé an bhaint atá againne leat‐sa, a Íosa Nasardha? an chum sinn do scrios tháinig tú? Tá a fhios agam cia h‐é thú, Aon Naomhtha Dé. 35Agus do smachtuigh Íosa é, g‐á rádh, Bí id’ thost, agus tar amach as. Agus tar a éis do’n deamhan a threascairt ar lár, tháinig sé amach as gan aon díoghbháil do dhéanamh dhó. 36Agus do ghabh uathbhás iad uile, agus do bhíodar ag labhairt le chéile, g‐á rádh, Cad is ciall do’n chainnt seo? óir is le h‐ughdáras agus le cumhacht do‐bheir sé órdú do na spioraidibh neamh‐ghlana, agus tigeann siad amach. 37Agus do leath tuairisc ’n‐a thaobh ar fud na tíre má gcuaird.
38Nuair d’éirigh sé, ag imtheacht ó’n tsionagóig dó, do chuaidh sé isteach i dtigh Shíomóin. Agus do bhí fiabhras trom ar mháthair mná Shíomóin; agus do chuireadar athchuinghe ar a son air. 39Agus do sheas sé os a cionn, agus do smachtuigh sé an fiabhras; agus d’imthigh sé dhí: agus d’éirigh sí ar an láthair, agus do‐rinne sí friotháileamh ortha.
40Agus ag dul faoi do’n ghréin, na daoine go raibh muinntear leo tinn le galaraibh ar bith, thugadar chuige iad; agus do chuir sé a lámha ar gach duine aca, agus do leigheas sé iad. 41Agus tháinig deamhain as mórán, leis, ag liughraigh dhóibh, g‐á rádh, Is tusa Mac Dé. Acht do smachtuigh sé iad, agus ní leigeadh sé dhóibh labhairt, óir do b’eol dóibh gurbh é an Criost é. 42Agus le gealadh an lae, tháinig sé amach agus chuaidh sé amach go h‐áit fhásamhail: agus do bhi na sluaighthe g‐á lorg, agus thángadar chum na h‐áite ’n‐a raibh sé, agus do bhíodar ag iarraidh a chongbháil, chum nach n‐imtheochadh sé uatha. 43Acht adubhairt sé leo, Caithfidh mé déigh‐scéala ríoghachta Dé do chraobhscaoileadh ins na cathrachaibh eile, chómh maith: óir is chuige sin do cuireadh mé.
44Agus do bhí sé ag seanmórú i sionagógaibh na Galilé.

Currently Selected:

Lúcás 4: ATN1951

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in