Annsin do threoruigh sé go h‐Iarúsalem é, agus do chuir sé ar bhinn an teampaill é, agus adubhairt sé leis, Má’s tú Mac Dé, caith thú féin as so le fánaidh síos; óir atá scríobhtha,
Do‐bhéarfaidh sé órdú d’á ainglibh id’ thaobh, go gcumhdóchaidís thú:
agus,
Tógfaid ar a lámhaibh thú,
Ar eagla go mbuailfeá do chos, am ar bith, i gcoinnibh cloiche.
Agus d’fhreagair Íosa, agus adubhairt sé leis, Atá ráidhte, Ní dhéanfair fromhadh ar an Tighearna, do Dhia.