Lúcás 5
5
1Agus tharla, nuair do bhí an sluagh ag brúghadh air agus ag éisteacht le briathar Dé, go raibh sé ’n‐a sheasamh le h‐ais locha Ghenésaret; 2Agus do chonnaic sé dhá bhád ar imeall an locha: acht do bhí na h‐iascairí imthighthe asta, agus do bhíodar ag nighe a líonta. 3Agus ag dul isteach dhó i mbád díobh, bád Shíomóin, d’iarr sé air dul amach tamall beag ó’n tír. Agus do shuidh sé síos agus do theagaisc sé na sluaighte ó’n mbád. 4Agus nuair do bhí deireadh ráidhte aige, adubhairt sé le Síomón, Buail amach ar an doimhneacht, agus tabhraidh dol eangaighe ag iascach. 5Agus d’fhreagair Síomón agus adubhairt, A Mháighistir, Do bhíomar ag obair ar feadh na h‐oidhche, agus níor thógamar éinnidh; acht cheana, ó deirir‐se an focal, cuirfead amach an líon. 6Agus nuair do bhí sé déanta aca, do ghabhadar a lán mór iasc; agus do bhí na líonta d’á mbriseadh; 7agus do bhagradar ar a bpáirtidhthibh sa mbád eile teacht le congnamh thabhairt dóibh. Agus thángadar‐san, agus do líonadar an dá bhád, i dtreo go rabhadar i riochtaibh dul fá uisce. 8Acht nuair do chonnaic Síomón Peadar sin, do thuit sé ag glúnaibh Íosa, agus adubhairt sé, Imthigh uaim, a Thighearna, mar is duine peacamhail mé. 9Óir do bhí uathbhás air féin, agus ortha‐san uile do bhí ’n‐a chuideachtain mas gheall ar an ngabháil éisc do bhí tógtha aca; 10agus ar Shéamas agus ar Eoin, mic Shebedé, leis, do bhí ’n‐a bpáirtidhthibh ag Síomón. Agus adubhairt Íosa le Síomón, Ná bíodh eagla ort; as so amach béidh tú id’ iascaire ar dhaoinibh. 11Agus tar a éis dóibh a mbáid do thabhairt chum tíre, d’fhágadar gach uile nidh ’n‐a ndiaidh, agus do leanadar é.
12Agus tharla, nuair do bhí sé i gceann de na cathrachaibh, féach, fear do bhí lán de lobhra; agus ar fheicsin Íosa dhó, do thuit sé ar a aghaidh roimhe, agus do chuir sé athchuinghe air, g‐á rádh, A Thighearna, má’s toil leat é, is féidir leat mise do ghlanadh. 13Agus do shín sé amach a lámh, agus do chuir sé air í, agus adubhairt, Is toil liom é; glantar thú. 14Agus ar an láthair d’imthigh an lobhra dhe. Agus d’órduigh sé dhó gan a innsin d’aon duine: acht imthigh, agus taisbeán thú féin do’n tsagart, agus íodhbair i n‐éiric do ghlanta mar órduigh Maois duit, mar fhiadhnaise dhóibh. 15Acht ba mhóide do leath na scéala ’n‐a thaobh go mór: agus tháinig na sluaighte móra i n‐éinfheacht le chéile chum éisteachta leis, agus chum go leigheasfaidhe a ngalair. 16Acht d’imthigheadh seisean uatha isteach sa bhfásach, agus do‐ghníodh sé urnaighe ann.
17Agus tharla, go raibh sé lá ag teagasc; agus go raibh ’n‐a suidhe ann Fairisínigh agus dochtúirí na dlighe a tháinig ó gach baile beag sa nGáilile agus i nIúdaea, agus ó Iarúsalem: agus do bhí cumhacht an Tighearna aige chum slánuighthe. 18Agus féach, daoine agus fear pairilise ar iomchar ar thocht aca: agus do bhíodar ag iarraidh a thabhairt isteach, agus a chur ’n‐a láthair roimhe. 19Agus nuair do chinn ortha caoi d’fhágháil chum a thabhairt isteach mar gheall ar an sluagh, do chuadar suas go bárr an tighe, agus do leigeadar síos tré lár na slinn é féin agus an tocht, i bhfiadhnaise Íosa. 20Agus nuair do chonnaic sé a gcreideamh, adubhairt sé. A dhuine, athá do pheacaidhe maithte dhuit. 21Agus do thosnuigh na scríobhaidhthe agus na Fairisínigh ar cheasnú, agus iad g‐á rádh, Cia h‐é seo atá ag labhairt dia‐mhasla? Cia fhéadas peacaidhe do mhaitheamh, acht Dia amháin? 22Acht ó ba léir d’Íosa a smaointe, d’fhreagair sé agus adubhairt sé leo. Cad chuige dhaoibh bheith ag ceasnú i n‐bhúr gcroidhthibh? 23Cia aca is fusa a rádh, Atá do pheacaidhe maithte dhuit; nó a rádh, Éirigh agus siubhail? 24Acht chum go mbéidh a fhios agaibh go bhfuil ughdarás ag Mac an Duine ar talamh chum peacaidhe do mhaitheamh (adubhairt sé leis an bhfear pairiliseach), Adeirim leat, Éirigh, agus tóg do thocht, agus téirigh chum do thighe. 25Agus d’éirigh sé ar an láthair ’n‐a bhfiadhnaise, agus do thóg sé an tocht ar a raibh sé ’n‐a luighe, agus d’imthigh sé chum a thighe, agus é ag adhmholadh Dé. 26Agus tháinig uathbhás ar chách, agus do bhíodar ag moladh Dé; agus do bhíodar lán d’eagla, g‐á rádh, Do chonnacamar neithe iongantacha indiu.
27Agus tar a éis sin d’imthigh sé amach, agus chonnaic sé poibleacán, darbh ainm Lébhí, n‐a shuidhe ag bórd na cíos‐chánach agus adubhairt sé leis, Lean‐sa mise. 28Agus d’fhág sé gach éinnidh, agus d’éirigh sé ’n‐a sheasamh agus do lean sé é. 29Agus do‐rinne Lébhí fleadh mhór dó ’n‐a thigh: agus do bhí cuideachta mhór poibleacán agus daoine eile ann agus iad ’n‐a suidhe chum bidh ’n‐a bhfochair. 30Agus do bhí na Fairisínigh agus a scríobhaidhthe ag ceasacht le n‐a dheisceablaibh, g‐á rádh, Cad chuige dhaoibh‐se bheith ag ól agus ag ithe i gcuideachtain poibleacán agus peacach? 31Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Ní h‐ag daoinibh sláinteamhla atá gábhadh le liaigh; acht ag daoinibh breoite. 32Ní chum fíréin do ghlaodhach chum aithrighe thánag‐sa, acht chum peacaigh do ghlaodhach. 33Agus adubhradar‐san leis, Do‐ghní deisceabail Eoin troscadh go minic, agus do‐ghníd urnaighe; do‐ghní deisceabail na bhFairisíneach mar an gcéadna; acht bíonn do dheisceabailse ag ithe agus ag ól. 34Agus adubhairt Íosa leo, An féidir libh a chur d’fhiachaibh ar lucht cóisire an fhir nua‐phósta troscadh do dhéanamh agus an fear nua‐phósta ’n‐a bhfochair? 35Acht tiocfaidh na laethe; agus nuair béarfar uatha an fear nua‐phósta annsin déanfaid troscadh ins na laethibh sin. 36Agus adubhairt sé leo tré shamhlaoid: Ní stiallann aoinneach preabán de bhrat nua chum sean‐bhrat do dheishiú; óir stiallfaidh sé an t‐éadach nua, agus ní oirfidh an preabán do baineadh ó’n éadach nua do’n tsean‐éadach. 37Agus ní chuireann aon duine fíon úr i sean‐bhuidéalaibh leathair: óir réabfaidh an fíon úr na buidéil leathair, agus doirtfear an fíon, agus caillfear na buidéil. 38Acht ní foláir fíon úr do chur i mbuidéalaibh nua. 39Agus aoinneach bhíos ag ól sean‐fhíona, ní chuireann sé dúil i bhfíon úr: óir adeir sé, Is é an sean‐fhíon is fearr.
Currently Selected:
Lúcás 5: ATN1951
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932