Gníomhartha 4
4
1Agus an fhaid do bhíodar ag labhairt leis na daoinibh, tháinig na sagairt agus árd‐fheadhmannach an teampaill ortha, 2agus mío‐shásamh mór ortha toisc iad bheith ag teagasc na ndaoine, agus ag craobhscaoileadh an aiséirghe ó na marbhaibh i bpearsain Íosa. 3Agus rugadar ortha, agus do chuireadar i bpríosún iad go maidin lá ar n‐a bhárach: óir bhí an tráthnóna ann fá’n am sin. 4Acht do chreid a lán díobh‐san do bhí ag éisteacht leis an mbriathar; agus do mhéaduigh uimhir na ndaoine go tuairim cúig míle.
5Agus tharla lá ar n‐a bhárach, gur chruinnigh a n‐uachtaráin agus a seanóirí agus a scríobhaidhthe le chéile i nIarúsalem; 6agus Annas árd‐shagart, agus Cáiafas, agus Eoin, agus Alecsander, agus gach ar bhain le teaghlach an árd‐shagairt. 7Agus nuair do bhíodar curtha i lár baill aca, d’fhiafruigheadar, Créad é an t‐ughdarás nó an t‐ainm le n‐a ndearnabhar an nidh seo? 8Annsin adubhairt Peadar leo, agus é líonta de’n Spiorad Naomh, A riaghlóirí an phobail agus a sheanóirí, 9ó táimídne d’ár gceistiú indiu i dtaobh duine lag‐bhríoghaigh do chur ar a leas, cionnas slánuigheadh an duine sin; 10bíodh a fhios agaibh go léir, agus ag pobal Israel go léir, gur i n‐ainm Íosa Críost Nasardha, an té do chrochabhair‐se, an té do thóg Dia ó na marbhaibh, gur ’n‐a ainm‐sean atá an duine seo ’n‐a sheasamh slán os bhúr gcómhair. 11Is eisean an chloch go ndearna‐sibh‐se beag‐is‐fiú dhí, agus go ndearnadh cloch chinn chúinne dhí. 12Agus ní fhuil slánú le fágháil i n‐aoinneach eile: óir ní fhuil aon ainm eile fá neamh tugadh do dhaoinibh le n‐ar bh’fhéidir ár slánú.
13Agus nuair chonnacadar Peadar agus Eoin, agus iad chómh dána sin, agus thuigeadar gur daoine gan foghlaim, gan léighean iad, do bhí iongnadh ortha; agus d’aithnigheadar iad, go mbídís i bhfochair Íosa. 14Agus nuair chonncadar an fear a leigheasadh ’n‐a sheasamh ’n‐a n‐aice, ní raibh focal le rádh aca ’n‐a aghaidh. 15Acht nuair d’órduigheadar dóibh imtheacht as an árd‐chómhairle, do chuireadar a gcómhairle féin fá chéile, 16g‐á radh, Créad do‐ghéanaimíd do na daoinibh seo? óir is léir do gach duine chómhnuigheas i nIarúsalem go bhfuil míorbhail iomráidhteach déanta; agus ní fhéadfaimíd a shéanadh. 17Acht ar eagla go leathnóchaidh sé níos fuide i measc na ndaoine, bagraimís ortha, gan leigin dóibh labhairt a thuilleadh le h‐aon duine san ainm sin. 18Agus do ghlaodhadar ortha, agus d’órduigheadar dóibh gan labhairt ar chor ar bith, ná teagasc do dhéanamh i n‐ainm Íosa. 19Acht d’fhreagair Peadar agus Eoin agus adubhradar leo, Breathnuighidh féin cia aca is ceart i bhfiadhnaise Dé, éisteacht libh‐se nó éisteacht le Dia: 20óir ní féidir linne gan labhairt i dtaobh a bhfacamar agus a gcualamar. 21Agus tar a éis dóibh‐sean bagairt ortha arís, do scaoileadar iad, mar ní raibh a fhios aca cionnas chuirfidís pionós ortha, mar gheall ar na daoinibh; óir bhí na daoine go léir ag tabhairt na glóire do Dhia ar son a dtárla. 22Óir an duine go ndearnadh an mhíorbhail sláinte úd dó, do bhí sé tuilleadh agus dá fhichid bliadhan d’aois.
23Agus ar n‐a bheith scaoilte dhóibh, thángadar chum a muinntire féin, agus d’inniseadar dóibh gach a ndubhairt na h‐árd‐shagairt agus na seanóirí leo. 24Agus nuair do‐chualadar san é, d’árduigheadar a nglór d’aon toil chum Dé, agus adubhradar, A Thighearna, is tusa do‐rinne neamh, agus talamh, agus muir agus a bhfuil ionnta: 25agus adubhairt tríd an Spiorad Naomh as béal ár n‐athar Dáibhi,
Cad chuige ar éirigh na Geinte ar buile,
Agus a raibh baoth‐smaointe ag na cinidheachaibh?
26Do ghléas righthe an domhain iad féin.
Agus do chruinnigh na riaghlóirí le chéile,
I gcoinnibh an Tighearna, agus i gcoinnibh a Ungthaigh:
27óir is dearbh gur chruinnigh le chéile san gcathair seo, Ioruath agus Point Píoláid, maille leis na Geintibh agus le treabhaibh Israel, i n‐aghaidh do Sheirbhísigh naomhtha Íosa, 28d’ungais‐se, ag déanamh gach ar cheap do lámh agus do chómhairle roimh ré a thabhairt chum críche. 29Agus anois, a Thighearna, féach ar a mbagairt: agus tabhair dod’ sheirbhíseachaibh do bhriathar do labhairt fo meisneamhail, 30dána, agus tú ag síneadh amach do láimhe ag leigheas; agus go ndéantar míorbhailtí agus iongantaisí tré ainm do Naomh Sheirbhísigh Íosa. 31Agus nuair do ghuidheadar, do chrioth an áit ’n‐a rabhadar cruinnighthe le chéile; agus do líonadh iad uile de’n Spiorad Naomh, agus do labhradar briathar Dé le dánacht.
32Agus ní raibh acht aon chroidhe agus aon aigne amháin aca‐san do chreid: agus ní raibh duine aca adubhairt gur leis féin aon nidh d’á raibh ’n‐a sheilbh; acht do bhí gach nidh go coitcheann aca. 33Agus thug na h‐abstail a bhfiadhnaise ar aiséirghe an Tighearna Íosa le neart brighe: 34agus do bhí grása mór ortha go léir. Agus ní raibh duine aca do bhí i ngábhatar: óir na daoine go raibh taltaí nó tighthe aca, do dhíolaidís iad, agus do‐bheiridís luach na neithe do díoltaidhe, agus do chuiridís ag cosaibh na n‐abstal é: 35agus do roinntidhe é de réir mar bhíodh gábhadh ag aon duine leis.
36Agus Seosamh, ar a dtug na h‐abstail Barnabas, ainm chialluigheas Mac na Meanman, Lébhíteach do rugadh i gCuprus, 37do bhí fearann aige, agus do dhíol sé é, agus thug sé leis an t‐airgead agus do chuir sé ag cosaibh na n‐abstal é.
Currently Selected:
Gníomhartha 4: ATN1951
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932