Gníomhartha 3
3
1Agus bhí Peadar agus Eoin ag dul suas isteach san teampall, uair an urnaighe, timcheall na naomhadh h‐uaire. 2Agus bhí duine áirithe, máirtíneach ó bhroinn a mháthar, d’á iomchar, duine do chuiridís gach lá ag geata an teampaill ar a dtugtar an Geata Áluinn, chum bheith ag iarraidh déirce ortha‐san do bhíodh ag dul isteach san teampall. 3Nuair do chonnaic an duine seo Peadar agus Eoin ar tí dul isteach san teampall, d’iarr sé déirc ortha. 4Do dhearc Peadar go géar air, mar aon le h‐Eoin, agus adubhairt sé, Féach orainne. 5Agus d’fhéach seisean ortha go grinn, agus é ag súil go bhfaigheadh sé rud éigin uatha. 6Acht adubhairt Peadar, Ní fhuil airgead agam ná ór; acht an nidh atá agam do‐bheirim duit‐se é. I n‐ainm Íosa Críost Nasardha, éirigh agus siubhail. 7Agus rug sé ar a láimh dheis air, agus thóg sé suas é, agus ar an láthair do chruadhuigh troighthe a chos agus a rúitíní. 8Agus ag preabadh ’n‐a sheasamh dhó, do shiubhail sé; agus do chuaidh sé i n‐éinfheacht leo isteach san teampall, agus é ag siubhal, agus ag léimrigh, agus ag moladh Dé: 9Agus do chonnaic na daoine é ag siu bhal agus ag moladh Dé: 10agus d’aithnigheadar é, gurbh é an duine céadna é do bhíodh ’n‐a shuidhe ag an nGeata Áluinn ag iarraidh déirce: agus bhí árd‐iongnadh agus alltacht ortha i dtaobh ar éirigh dhó.
11Agus do ghreamuigh sé de Pheadar agus d’Eoin, agus do rith na daoine go léir chuca san phóirse ar a dtugtar Póirse Sholaimh, agus iongnadh ortha. 12Agus nuair do chonnaic Peadar é, adubhairt sé leis an bpobal, A fheara Israel, cad chuige a bhfuil iongnadh oraibh i dtaobh an duine seo? cad chuige dhaoibh bheith ag amharc orainne, amhail is gur le n‐ár gcumhacht nó le n‐ár ndiadhacht féin do chuireamar ar chumas do’n duine seo siubhal? 13Dia Abrachaim, Dia Íosóig, agus Dia Iácóib, Dia ár sinnsear, thug sé glóir d’á sheirbhíseach Íosa; an té do bhraith eabhair‐se, agus do shéanabhair os cómhair Phíoláid, an tan do cheap sé a scaoileadh saor. 14Do shéanabhar an t‐Aon Naomhtha Fíréanta, agus d’iarrabhar dúnmharbhthóir do thabhairt daoibh, 15agus do mharbhabhar Ughdar na beathadh; do thóg Dia ó na marbhaibh; go bhfuilmíd ’n‐ár bhfiadhnaithibh air. 16Agus de bhárr creidimh ’n‐a ainm‐sean thug a ainm neart do’n duine seo, do‐chí sibh agus aithnigheas sibh: agus is é an creideamh tríd thug dó an tsláinte iomlán atá ’n‐bur bhfiadhnaise rómhaibh go léir. 17Agus anois, a bhráithreacha, atá a fhios agam gur tré aineolas do‐rinneabhar é, fá mar rinne bhúr n‐uachtaráin. 18Acht is ar an gcuma sin do chóimhlíon Dia an méid a thug Dia le tuigsin daoibh roimh ré tré bhéal na bhfáidh go léir, go gcaithfeadh a Chríost fulang. 19Déanaidh aithrighe, d’á bhrigh sin, agus iompuighidh, chum go nglanfar bhúr bpeacaidhe, agus chum go dtiocfaidh trátha fionnfhuaire ó fhiadhnaise an Tighearna; 20agus chum go gcuirfidh sé uaidh an Críost do ceapadh dhaoibh, Íosa: 21an té gur dual do na flaitheasaibh a ghlacadh go dtí na trátha ’n‐a n‐aiseagfar gach éinnidh, mar do labhair Dia ’n‐a thaobh tré bhéal a fháidh naomhtha do bhí ann ó thosach an tsaoghail. 22Óir adubhairt Maois, Tógfaidh an Tighearna Dia fáidh dhaoibh, mar mise, as lár bhúr mbráithreach; éistfidh sibh leisean maidir leis an uile nidh adéarfas sé libh. 23Agus tiocfaidh chum críche, gach aon duine nach n‐éistfidh leis an bhfáidh sin, go scriosfar é as an bpobal. 24Na fáidhe go léir ó Shamúel anuas, agus iad‐san do lean ’n‐a dhiaidh, an méid díobh do labhair, d’fhógradar na laethe sin. 25Is sibh‐se clann na bhfáidh, agus clann an chonnartha do‐rinne Dia le n‐bhúr sinnsearaibh, g‐á rádh le h‐Abracham, Id’ shliocht‐sa beannóchar clanna an domhain go léir. 26Chugaibh‐se ar dtús do chuir Dia a Sheirbhíseach, nuair thóg sé suas é, chum sibh do bheannú, ag iompodh gach duine agaibh ó n‐bhúr gcuirptheacht.
Currently Selected:
Gníomhartha 3: ATN1951
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932