Gníomhartha 5
5
1Acht do bhí fear darbh ainm Ananias, mar aon le n‐a mhnaoi Sapfíra, do dhíol talamh, 2agus do chongbhuigh cuid d’á luach, go bhfios d’á mhnaoi, agus thug cuid de, agus do chuir ag cosaibh na n‐abstal é. 3Acht adubhairt Peadar, A Ananiais, cad chuige ar líon Sátan do chroidhe, go n‐innseochá bréag do’n Spiorad Naomh, agus cuid de luach na talmhan do chongbháil? 4An fhaid do bhí sé agat nár leat féin é? agus nuair do dhíolais é, nach raibh sé ar do chead féin agat? Cad chuige dhuit an nidh seo do cheapadh id’ chroidhe? ní do dhaoinibh d’innis tú bréag, acht do Dhia. 5Agus nuair do‐chuala Ananias na focail sin, do thuit sé ar lár agus d’éag sé. 6Agus d’éirigh na fir óga agus d’fhilleadar éadach ’n‐a thimcheall, agus do thógadar amach é agus chuireadar é.
7Agus timcheall trí h‐uaire an chluig ’n‐a dhiaidh sin, tháinig a bhean isteach, agus gan a fhios aice céard thárla. 8Agus adubhairt Peadar léi, Innis dom, an ar an oiread sin do dhíol sibh an talamh? Agus adubhairt sise, Is eadh, ar an oiread sin. 9Annsin adubhairt Peadar léi, Caidé thug oraibh, beirt, fromhadh do thabhairt ar Spiorad an Tighearna? féach, atá cosa na ndaoine d’adhlaic t’fhear ag an doras, agus tógfaidh siad thusa amach. 10Agus ar an láthair do thuit sí ag a chosaibh; agus d’éag sí: agus tháinig na fir óga isteach agus fuair siad marbh í, agus do thógadar amach í, agus do chuireadar í i n‐aice a fir. 11Agus tháinig eagla mhór ar an eaglais uile, agus ortha‐san do‐chuala na scéala sin.
12Agus do bhí a lán míorbhal agus iongantas d’á ndéanamh tré lámhaibh na n‐abstal i measc an phobail; agus do bhídis uile d’aon toil i bpóirse Sholaimh. 13Acht níor lámh aoinneach de na daoinibh eile dul i bpáirt leo: acht ba mhór an meas do bhí ag an bpobal ortha; 14agus ba mhó do bhí na daoine do chreid san Tighearna, idir fhearaibh agus mhnáibh, ag dul i méid; 15ionnas go n‐iomchraidís na daoine breoite amach ar na sráidibh, agus chuiridís ar leabthachaibh agus ar thochtaibh iad, le súil, ag dul thart do Pheadar, go dtuitfeadh a scáil féin ar dhuine aca. 16Agus do thagadh sluagh as na cathrachaibh do bhí timcheall Iarúsalem, ag tabhairt na n‐othar, agus na ndaoine do bhí cráidhte ag spioraidibh neamh‐ghlana; agus do leigheastaidhe iad go léir.
17Acht d’éirigh an t‐árd‐shagart, agus siad‐san do bhí ’n‐a fhochair (aicme na Saddúicíneach), agus iad lán d’éad, 18agus rugadar ar na h‐abstalaibh, agus do chuireadar san bpríosún poiblidhe iad. 19Acht d’fhoscail aingeal an Tighearna dóirse an phríosúin san oidhche, agus thug sé amach iad, agus adubhairt, 20Imthighidh, agus seasaidh san teampall, agus innisidh do na daoinibh briathra uile na Beathadh so. 21Agus ar n‐a chlos sin dóibh, do chuadar isteach san teampall le breacadh an lae, agus do bhíodar ag teagasc. Acht tháinig an t‐árd‐shagart agus siad‐san do bhí ’n‐a fhochair, agus do chruinnigheadar an árd‐chómhairle agus seanóirí clainne Israel, agus chuireadar teachtaí chum an phríosúin, go dtabharfaidhe cuca iad. 22Acht do chuaidh na h‐oifigí agus ní bhfuaradar san bpríosún iad: agus d’fhilleadar ar ais, agus d’inniseadar ’n‐a thaobh, 23g‐á rádh, Fuaramar an príosún dúnta go dlúth, agus an lucht coimhéadtha ’n‐a seasamh ag na dóirsibh: acht nuair d’fhosclamar, ní bhfuaramar aon duine istigh. 24Nuair do‐chuala ceannphort an teampaill agus uachtaráin na sagart an chainnt sin, do bhí buaidhirt aigne ortha ’n‐a dtaobh, gan a fhios aca créad do thiocfadh as. 25Agus tháinig duine agus adubhairt sé, Féach, na fir do chuireabhar san bpríosún, atáid ’n‐a seasamh san teampall ag teagasc an phobail. 26Annsin d’imthigh an ceannphort i n‐éinfheacht leis na h‐oifigeachaibh, agus thug sé leis iad, gan aon éigean; óir do bhí eagla an phobail ortha, go ngabhfaidhe de chlochaibh ortha. 27Agus nuair thugadar iad, do chuireadar ’n‐a seasamh iad i láthair na h‐árd‐chómhairle. Agus do cheistigh an t‐árd‐shagart iad, g‐á rádh, 28D’órduigheamar daoibh go cruinn gan teagasc do dhéanamh san ainm sin: agus féach, atá Iarúsalem líonta de bhúr dteagasc agaibh, agus atá sibh ag iarraidh fuil an duine sin do tharraing orainne. 29Acht d’fhreagair Peadar agus na h‐abstail agus adubhradar, Is mó is cuibhe dhúinn umhlú do Dhia ’ná do dhaoinibh. 30Do thóg Dia ár sinnsear Íosa suas; an té do marbhabhair‐se g‐á chrochadh ar chrann. 31D’árduigh Dia le n‐a láimh dheis é chum bheith ’n‐a Phrionnsa agus ’n‐a Shlánuightheoir, chum aithrighe agus maitheamhnas na bpeacadhdo thabhairt d’Israel. 32Agus atáimíd‐ne ’n‐ár bhfiadhnaidhthibh ar na neithidh sin; agus an Spiorad Naomh thug Dia dhóibh‐sean umhluigheas dó.
33Acht, ar n‐a chlos sin dóibh‐sean, do bhíodar ar buile, 34agus do bhí fonn ortha iad do mharbhadh. Acht d’éirigh duine ’n‐a sheasamh san árd‐chómhairle, Fairisíneach dárbh ainm Gamaliel, ollamh dlighidh, go raibh cion ag an bpobal air, agus d’órduigh sé na fir do chur thar doras amach tamall. 35Agus adubhairt sé leo, A fheara Israel, tabhraidh do bhúr n‐aire créad do‐ghéanaibh sibh i dtaobh na bhfear úd. 36Óir tamall roimhe seo d’éirigh Teúdás, g‐á chur i gcéill gur duine mór é féin; agus do chlaoidh scata daoine, timcheall ceithre céad díobh leis: do marbhadh é; agus do scaipeadh iad‐san do lean é, agus ní tháinig éinnidh d’á bhárr. 37I n‐a dhiaidh sin d’éirigh Iúdás ó’n nGalilé i n‐aimsir an chómhairimh, agus tharraing sé daoine ’n‐a dhiaidh: fuair seisean bás, leis; agus do scaipeadh an dream go léir do lean é. 38Agus adeirim‐se libh anois, Seachnaidh sibh féin ar na fearaibh seo, agus leigidh dhóibh: óir má’s ó dhaoinibh an scéal nó an obair seo, rachaidh sé ar neamhnidh: 39acht má’s ó Dhia é, ní bhéidh ar chumas daoibh a chur ar ceal; ar eagla gur ag cur i gcoinnibh Dé do bhéadh sibh. 40Agus d’aontuigheadar leis: agus tar a éis dóibh na h‐abstail do ghlaodhach chuca, do bhuaileadar iad, agus d’órduigheadar dóibh gan labhairt i n‐ainm Íosa, agus do scaoileadar iad. 41Agus d’imthigheadar‐san as láthair na h‐árd‐chómhairle, agus athás mór ortha de chionn gur measadh gurbh fhiú iad easonóir d’fhulang ar son an Ainme. 42Agus níor staonadar, san teampall agus ó thigh go tigh, gach lá, ó bheith ag teagasc agus ag craobhscaoileadh Íosa an Críost.
Currently Selected:
Gníomhartha 5: ATN1951
Highlight
Share
Copy
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapi.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fen.png&w=128&q=75)
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932